Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Deotranaimí 19:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Bíodh na bealaí chucu i ndea-ghléas agat agus roinn ina thrí coda achar na gcríoch a thugann an Tiarna do Dhia i do sheilbh duit sa chaoi a bhféadfaidh marfóir ar bith teitheadh chucu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Do dhéana tú slighe ullmhúghadh dhuit féin, agus roinnfe tú imle thfearuinn, noch do bheir do THIGHEARNA Día dhuit doighreachd, a ttrí chuid, chor go bféadfuidh gach dúnmharbhthóir teitheamh annsin.

Féach an chaibidil Cóip




Deotranaimí 19:3
8 Tagairtí Cros  

Beidh bealach mór agus bóthar ansin a dtabharfar mar ainm air an Bealach Beannaithe; ní shiúlfaidh an neamhghlan an treo sin, ná ní bheidh lucht baoise ag fánaíocht ar a fhad.


Agus cloisfear glór á rá: Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach, glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire


Amach libh, amach trí na geataí! Réitigí bealach do mo mhuintir! Tógaigí tóchar, tógaigí suas é; glanaigí na carraigeacha ar shiúl! Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha!


cuir trí chathair ar leith duit féin sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit le sealbhú.


Seo mar is féidir do dhuine a anam a bhreith leis ach teitheadh iontu: Má mharaíonn duine a chomharsa trí thaisme, agus gan é in earraid leis roimhe sin -


“Nuair a thiocfaidh tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, nuair a bheidh seilbh agat air agus tú i do chónaí ann,


“Bhí an Tiarna i bhfearg liom de bhur gcionnsa, agus mhionnaigh nach rachainn thar an Iordáin anonn, ná nach rachainn isteach san fhearann fónta atá á thabhairt mar oidhreacht daoibh ag an Tiarna bhur nDia.


agus déanaigí cosáin réidhe do bhur gcosa.” Ar an gcuma sin in ionad an chos leonta a chur as alt is amhlaidh a leigheasfar í.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí