Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Deotranaimí 10:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Rinne mé dá bhrí sin áirc den chrann sitím agus shnoigh mé dhá chlár chloiche mar na chéad chinn, agus ghabh mé suas faoin sliabh agus an dá chlár i mo láimh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus do rinne misi aírc da chrann sittim, agus do shnoigh mé dhá chlár chloiche cosmhuil ris na céad chláruibh, agus do chuáidh mé súas ionsa tslíabh, agus an dá chlár am láimh.

Féach an chaibidil Cóip




Deotranaimí 10:3
7 Tagairtí Cros  

“Déanfaidh siad áirc d'adhmad sitím, bíodh sí dhá bhanláimh go leith ar fad, banlámh go leith ar leithead agus banlámh go leith ar airde.


agus craicne leasaithe reithe, agus craicne gabhair, agus adhmad sitím,


Ghearr Maois dhá leac chloiche dá bhrí sin ar aon dul leis na chéad chinn, agus go luath ar maidin ghabh sé faoi Shliabh Shíonái suas leis an dá leac chloiche ina lámha faoi mar a d'ordaigh an Tiarna dó.


Rinne sé cuaillí d'adhmad sitím agus chumhdaigh iad de chré-umha.


“San am sin dúirt an Tiarna liom: ‘Snoigh dhá chlár chloiche mar na chéad chinn agus tar aníos ar an sliabh chugam. Déan áirc adhmaid.


Anseo bhí altóir óir na túise agus áirc an chonartha agus í clúdaithe ar fad le hór. Istigh san áirc bhí próca óir a raibh an manna ann agus slat Árón a chuir bachlóga amach tráth agus táblaí an chonartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí