Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Breithiúna 4:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna teacht i gcabhair orthu, mar bhí naoi gcéad carbad iarainn ag Iábaín agus rinne sé géarleanúint dhian ar chlann Iosrael ar feadh fiche bliain.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus déighmheadar clann Israel chum an TIGHEARNA: óir do bhí aige naói gcéud carbad íaruinn; agus do sháruigh sé go hanmhór clann Israel fhithche bhadhan.

Féach an chaibidil Cóip




Breithiúna 4:3
19 Tagairtí Cros  

Rinne a naimhde cos ar bolg orthu, agus fágadh faoi smacht a lámh iad.


Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”


Nuair a thugadh sé a n‑ár bhídís á lorg ag iarraidh Dé le fonn is le dúthracht.


Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé.


agus beidh tú ag únfairt um mheán lae mar a bhíonn an dall ag únfairt sa dorchadas agus ní bheidh an t‑ádh i do bhóthar; ní bheidh ach leatrom agus slad á dhéanamh ort gan stad, gan lámh chúnta a fháil ó aon duine.


Cine nach eol duit, íosfaidh siad toradh d'ithreach agus do shaothair; ní bheidh tusa ach do do chrá agus do do bhrú de shíor.


D'fhreagair treibh Iósaef: “Ní leor dúinn na hardáin, ach tá carbaid iarainn ag na Canánaigh go léir atá ag cur fúthu sna machairí, acu siúd i mBéit Seán agus sna sráidbhailte máguaird, agus acu siúd i Machaire Izréil.”


Bhí an Tiarna le Iúdá agus ghabh sé na hardáin ach theip air an mhuintir a bhí ag cur fúthu sa mhachaire a chloí mar bhí carbaid iarainn acu.


Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna agus dúradar: “Pheacaíomar i d'aghaidh, mar gur thréigeamar ár nDia agus gur fhónamar do na Bálaím.”


Chaitheadar uathu na déithe deoranta a bhí acu agus rinneadar fónamh don Tiarna, agus níorbh fhéidir dósan cur suas leis an ngéarleanúint ar Iosrael a thuilleadh.


Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus ardaigh an Tiarna fuasclóir dóibh, Éahúd mac Ghéará, an Biniáimineach, ciotóg. Cheap clann Iosrael é lena gcáin a thabhairt d'Eaglón rí Mhóáb.


Ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus d'ardaigh an Tiarna fuasclóir do chlann Iosrael, Oitníéil mac Canaz, deartháir ab óige ná Cálaeb.


chuir sé fios ar a charbaid go léir - naoi gcéad carbad iarainn, agus ar na sluaite go léir a bhí aige, ó Haroisit-ha-Góím go bruach Chiseon.


Faoin am seo bhí Deabórá banfháidh, céile Laipídeot, ina breitheamh in Iosrael.


An mhuintir ar dhual dóibh seasamh do Dhia Ní raibh focal astu. As cúig cathracha, níor tháinig oiread agus sciath, Gan oiread agus sciath as daichead míle in Iosrael!


Bhí Iosrael i gcruachás agus i ngátar, de bharr Mhidián; agus ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna ag lorg cabhrach.


Dúirt clann Iosrael le Samúéil: “Glaoigh gan stad ar an Tiarna ár nDia chun sinn a shaoradh ó chumhacht na bhFilistíneach”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí