Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Breithiúna 3:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 cúigear, taoiseach na bhFilistíneach, na Canánaigh go léir, na Síodónaigh, na Hitigh a bhí ag cur fúthu ar Shliabh na Liobáine, ó ardáin Bhál Hearmón go Bealach Hamát.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Mar atá, cúig tighearna na Bhfilistíneach, agus na Canaanítigh uile, agus na Sidónianuigh, agus na Hibhitigh do áitribh a slíabh Lebanon, ó shlíabh Baalhermon go nuige dul a steach go Hámat.

Féach an chaibidil Cóip




Breithiúna 3:3
31 Tagairtí Cros  

Beidh cónaí ar Zabúlun cois na farraige; beidh sé ina fhoscadh ag loingeas agus beidh imeall a chríoch i gcóngar Shíodón.


Thángadar ansin go daingean na Tuíre agus go cathracha uile na Hiveach agus na gCanánach, agus ag sroicheadh ceann cúrsa i Neigib Iúdá ag Béar Seaba.


An lá céanna rinne an rí an chúirt mheánach os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; mar d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann, agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach a choinneáil.


Gach ar mhair de na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, nárbh de chlann Iosrael iad;


Ar an taobh thiar beidh an Fharraige Mhór mar theorainn fad le bealach Hamát. Sin é an teorainn thiar.


Tá seilbh ag an Amailéiceach ar dhúiche an Neigib; ag an Hiteach an Amórach agus an Iabúsach ar na hardáin, agus ag an gCanánach ar fheorainn na farraige agus na Iordaine.”


ansin ó Shliabh Hor tarraing líne go Bealach Hamát, agus beidh deireadh na teorann ag Zadád.


Ar aghaidh libh ón áit seo, cuirigí chun bealaigh, agus imigí libh go harda na nAmórach, go dtí an mhuintir a chuireann fúthu san Arabá, sna hardáin agus sna hísleáin, sa Neigib agus san fheorainn; isteach libh i dtír Chanán agus sa Liobáin, chomh fada leis an Abhainn Mhór, an Eofrataes.


(tugann na Síodónaigh Sirion, ach na hAmóraigh Siníor, ar Hearmón);


Ní dhearna cathair síocháin le clann Iosrael ach na Hivigh a mhair i nGibeón; i gcath a fuaireadar an lámh uachtair ar an gcuid eile go léir.


go dtí na Canánaigh thoir agus thiar, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh sna sléibhte, agus na Hivigh faoi scáth Hearmón i Mizpeá.


Áirítear mar fhearann Canánach ó Shíochór atá lastoir den Éigipt ó tfhuaidh go teorainn Eacrón: (tá cúigear taoiseach ar na Filistínigh, taoiseach ag Gazá, ag Aisdeod, ag Aiscileon, ag Gat, agus ag Eacrón. Tá na Havaím


agus críocha na nGeabalach agus an Liobáin go léir soir ó Bhál Gád ag bun Sliabh Hearmón go Bealach Hamát.


bhain Eibreon, Rachob, Hamón, Cáná agus as sin go Síodón Mhór leis.


Ach dúirt muintir Iosrael leis na Hivigh: “B'fhéidir go bhfuil cónaí oraibh inár measc. Conas mar sin a d'fhéadfaimís conradh a dhéanamh libh?”


na Síodónaigh, Amáiléic agus Midián, nuair a rinne siadsan cos ar bolg oraibh agus gur ghlaoigh sibh orm?


Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé ar láimh iad do na Filistínigh agus do na hAmónaigh,


Ní raibh a fhios ag a athair ná ag a mháthair gur ón Tiarna a tháinig sé sin go léir; óir bhí seisean ag lorg iarraim cúis chugat chun na bhFilistíneach, mar bhí na Filistínigh i gceannas ar Iosrael an t‑am úd.


D'imigh an cúigear leo agus thángadar go Láís, agus chonaiceadar go raibh muintir na háite sin ina gcónaí ansiúd gan bhuaireamh, dála na Síodónach, gan aighneas gan drochiontaoibh; nach raibh aon ní faoin spéir in easnamh orthu; go rabhadar i bhfad ó na Síodónaigh agus gan baint acu leis na [hArámaigh].


(Ar mhaithe le glúine chlann Iosrael é sin, d'fhonn ceird an chogaidh a mhúineadh dóibh, dóibh siúd ar a laghad nach raibh taithí acu ar chogadh roimhe sin):


Thug an Tiarna ar láimh iad do Iábaín rí Chanán a bhí i réim i Házór. Ba é Síseará a cheannaire airm, agus bhí cónaí airsean i Haroisit-ha-Góím.


Thionóil na Filistínigh tríocha míle carbad, sé mhíle marcach, agus slua chomh líonmhar le gaineamh na trá chun troda in aghaidh Iosrael. Thángadar aníos agus shuíodar a gcampa i Micmeáis lastoir de Bhéit Ávan.


Bhí taoisigh na bhFilistíneach ag gabháil thar bráid ina gcipí céad agus míle, agus Dáiví agus a chuid fear ag teacht ina ndiaidh in éineacht le hÁicís.


Nuair a chonaic cúigear flatha na bhFilistíneach é sin, d'fhill siad ar Eacrón an lá céanna.


mar an gcéanna le dealbha na luch de réir líon cathracha Filistíneacha uile na gcúig flatha, idir chathracha daingne agus bhailte gan chosaint. An gallán mór ar ar leagadar áirc an Tiarna, is finné é go dtí an lá inniu i ngort Iósua ó Bhéit Seimis.


D'fhiafraíodar ansin: “Cén ofráil chiontachta ar chóir dúinn a íoc leis?” D'fhreagair siad: “Dé réir líon flatha na bhFilistíneach, cúig neascóid óir agus cúig luch óir mar bhí an t‑aon phlá oraibh idir fhlatha agus uile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí