Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Breithiúna 1:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Ghabh Iúdá suas mar sin agus thug an Tiarna na Canánaigh agus na Pirizigh ar láimh dóibh; chuireadar an ruaig ar dheich míle fear ag Beizic.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus do chúaidh Iudah súas; agus thug an TIGHEARNA na Canaanítigh agus na Perísitigh ann a lámhuibh: agus do mharbhadár dhíobh a Mbésec deich míle fear.

Féach an chaibidil Cóip




Breithiúna 1:4
17 Tagairtí Cros  

Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: “A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” D'fhreagair sé: “Gluais agus treise leat! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é!”


Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”


Chualamar lenár gcluasa féin é, a Dhia, agus d'inis ár n‑aithreacha féin dúinn na hoibreacha a rinne tú fadó, na héachtaí a rinne tú lena linn.


Chaith sé na ciníocha rompu amach, agus roinn sé an tír mar oidhreacht orthu; thug sé ar threibheanna Iosrael baint fúthu ina mbothanna siúd.


agus nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit, cloífidh tú iad. Ní foláir duit iad a chur faoi bhang, agus gan aon chonradh a dhéanamh leo, ná aon trócaire a dhéanamh orthu.


Bí deimhin de dá bhrí sin inniu gurb é an Tiarna féin, do Dhia, a rachaidh romhat, mar thine loiscneach; scriosfaidh sé iad agus cloífidh sé romhat iad; déanfaidh tú iad a dhíbirt dá bhrí sin agus a mharú gan mhoill faoi mar a gheall an Tiarna duit.


Ansin dúirt Iúdá lena dheartháir Simeon: “Téanam liomsa isteach sa dúiche a dáileadh orm, d'fhonn go gcuirfimís cath ar na Canánaigh; rachaidh mise ansin in éineacht leatsa isteach sa dúiche a dáileadh ortsa.” Mhairseáil Simeon in éineacht leis dá bhrí sin.


Tharla siad ar Adónaí Beizic i mBeizic; chuireadar cath air agus bhriseadar ar na Canánaigh agus ar na Pirizigh.


Ghabh Iaftá sall chun catha in aghaidh na nAmónach mar sin agus thug an Tiarna isteach ina láimh iad.


Chuir clann Iosrael fúthu dá bhrí sin i measc na gCanánach, na Hiteach, na nAmórach, na bPirizeach, na Hiveach, na Iabúsach;


Rinne sé iad a iniúchadh ag Beizic; bhí trí chéad míle de chlann Iosrael ann agus tríocha míle fear ó Iúdá.


Ach má deir siad: ‘Tagaigí aníos chugainn,’ rachaimid suas mar bheidh sé sin ina chomhartha gur thug an Tiarna inár lámha dúinn iad.”


Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí