Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 8:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 “Mormónta” is ea a thugtar mar ainm ar an réalta. Agus rinne mormónta de thrian na n‑uiscí, agus is iomaí duine a fuair bás ó na huiscí mar gur éirigh siad searbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 An Domlas ab ainm don réaltasan. Agus thiontaigh trian na n-uiscí ina ndomlas, agus bʼiomaí sin duine ar thug na huisci sin a bhás, ó dʼéirigh siad chomh searbh sin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 agus is é ainm na réaltan Mormónta: agus do rinneadh mormónta de’n treas cuid de na h‐uiscibh; agus d’éag a lán daoine de dheascaibh na n‐uiscí, toisc iad d’éirghe searbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus a sé ainm ghoirthear don réult sin Mormónta: agus do hiompoigheadh an treas cuid do na huisgidhibh a mormónta; agus fúaradar morán bás ó ná huisgidhibh, tré go rabhadar searbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 “Mormónta” is ea a thugtar mar ainm ar an réalta. Agus rinne mormónta de thrian na n-uiscí, agus is iomaí duine a fuair bás ó na huiscí mar gur éirigh siad searbh.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 8:11
17 Tagairtí Cros  

Nuair a shroicheadar Márá níorbh fhéidir leo uisce Mhárá a ól lena sheirbhe; uime sin a tugadh Márá ar an áit.


Ach níl de thoradh orthu ach mar a bheadh mormónta searbh, chomh géar le claíomh dhá fhaobhar.


Ar an ábhar sin is mar seo a deir Tiarna na Slua i dtaobh na bhfáithe: Anois beathóidh mé iad le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól, mar is ó fháithe Iarúsailéim amach a leathnaigh aindiagacht ar fud na dúiche.


Mar sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Anois beathóidh mé an pobal seo le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól.


Cuimhnigh ar m'angar agus ar mo chuid fánaíochta, ar an mormónta agus ar an domlas.


Thóg sé balla i m'aghaidh agus thimpeallaigh mé le domlas agus duainéis.


[Is mairg] dóibh siúd a dhéanann mormónta as an bhfíréantacht a chaitheann an ceart uathu ar lár;


An ritheann capaill ar charraigeacha? An dtreabhtar an fharraige le daimh? le go ndéanfadh sibh nimh den cheart agus mormónta de thoradh an ionracais.


Agus tarlóidh sé ar fud na tíre go léir,” a deir Tiarna na Slua, “go gciorrófar agus go ndísceofar dhá thrian den phobal, ach go bhfágfar aon trian amhain díobh ann.


Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”


Ná bíodh fear ná bean ná clann ná treibh in bhur measc a iompaíonn a chroí inniu ón Tiarna ár nDia chun imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe na gciníocha sin. Ná bíodh aon fhréamh in bhur measc a bhéarfadh toradh nimhneach searbh.


féachaigí chuige nach gcaillfidh aon duine agaibh grásta Dé, agus nach bhfásfaidh aon fhréamh nimhneach suas in bhur measc a chuirfeadh buaireamh oraibh agus a thruailleodh an t‑iomlán agaibh.


Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith d'fhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é.


Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir.


Agus scaoileadh leis na ceithre haingil a bhí ar tinneall socair don uair agus don lá agus don mhí agus don bhliain, chun go maróidís trian an chine dhaonna.


Ba leis na trí plánna sin a maraíodh trian den chine daonna, leis an tine, leis an deatach agus leis an ruibh ag sileadh óna mbéal.


Dúirt sí leo: “Ná bígí ag tabhairt Náoimí (.i. Suairc) orm, ach Márá (Searbh), óir is an-searbh a roinn an tUilechumhachtach liom.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí