Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 6:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Nuair a d'oscail sé an tríú séala chuala mé an tríú dúil á rá: “Tar.” D'fhéach mé agus b'shiúd an t‑each dubh, agus scálaí ina láimh ag a mharcach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Nuair a scaoil sé an tríú séala, chuala mé an tríú beithíoch ag rá, “Tar amach!” Agus chonaic mé agus bʼshiúd chugainn an t-each dubh dorcha, agus meá i láimh a mharcaigh,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus nuair d’fhoscail sé an treas séala, do chualas an treas ainmhidhe g‐á rádh, Tar. Agus do dhearcas, agus féach, capall dubh; agus meadh i láimh an té do bhí ar muin air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus an tan do fhosguil sé an treas séula, do chúaluidh mé an treas beathach ag rádh, Gabh a leith agus féuch. Agus do fhéuch mé, agus féuch each dúbh; agus an té do bhí na shuighe air do bhí meadh aige na láimh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Nuair a dʼoscail sé an tríú séala chuala mé an tríú dúil dá rá: “Tar.” Dʼfhéach mé agus bʼiúd an t-each dubh, agus scálaí ina lámh ag a mharcach.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 6:5
11 Tagairtí Cros  

Tá beirfean inár gcraiceann faoi mar a bheimis i sorn toisc cuthach ocrais a bheith dár gciapadh.


An bia a íosfaidh tú meáfaidh sé fiche seicil an lá; uair amháin sa lá a íosfaidh tú.


Dúirt sé liom chomh maith: “Féach, a mhic an duine, scriosfaidh mé an stór aráin in Iarúsailéim; íosfaidh siad arán a mheáfar go beacht le barr duainéise, agus ólfaidh siad uisce a thomhaisfear go gortach le barr uafáis.


Brisfidh mé bhur dteannta aráin agus beidh deichniúr ban chun arán a bhruith san aon oigheann; dáilfidh siad an t‑arán sin ina thomhaisíní, agus íosfaidh sibh é ach beidh ocras tar éis altaithe oraibh.


Bhí capaill rua faoin gcéad charbad, agus capaill dhubha faoin dara ceann,


Tá carbad na gcapall dubh ag dul go dtí an tuaisceart agus carbad na gcapall bán ag dul go dtí an t‑iarthar agus carbad na gcapall ballach ag dul go dtí an deisceart.”


Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus plánna agus maidhmeanna talún anseo is ansiúd.


Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n‑osclóidh sé an scrolla agus a sheacht séala.”


Chan siad iomann nua á rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d'fhuascail tú daoine do Dhia le d'fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,


Ansin san fhís dom, nuair a d'oscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dúile beo á rá de ghlór mar thoirneach: “Tar.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí