Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 22:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Sea, féach, is gearr go deimhin go dtiocfaidh mé. Is méanar don té a choinníonn focail fháistine an leabhair seo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Bíodh a fhios agaibh nach fada uaibh mo theacht.” Is beannaithe a chomhallas briathra thairngreacht an leabhair seo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus féach, atáim ag teacht go luath. Is aoibhinn do’n té choimheádas briathra tarngaireachta an leabhair seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Féuch, tigim go lúath: is beannuighe an tí choimhéudas bríathra fáidheadoireachda an leabhairse.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Is ea, féach, is gearr go deimhin go dtiocfaidh mé. Is méanar don té a choinníonn focail fáistine an leabhair seo.”

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 22:7
12 Tagairtí Cros  

á rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n‑eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.”


Is méanar dó seo a léann os ard agus a éisteann le focail na fáistine seo agus a choimeádann a bhfuil scríofa inti; óir tá an uain in achomaireacht.


“Féach! Seo mé ag teacht mar ghadaí. Is méanar don té a dhéanann faire, gan a chuid éadaigh a chaitheamh uaidh, i dtreo nach rachadh sé timpeall lomnocht agus go bhfeicfí a náire.”


Déan aithrí dá bhrí sin. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat gan mhoill agus troidfidh mé leo le claíomh mo bhéil.


“Feach, is gearr go dtiocfaidh mé, agus mo luach saothair liom le tabhairt do gach duine de réir mar atá ag a shaothar.


Tugaim rabhadh anois do gach duine a chloiseann briathra fháistine an leabhair seo. Má chuireann aon duine leo, cuirfidh Dia sa mhullach air na plánna atá scríofa sa leabhar seo.


Má thógann aon duine aon chuid de bhriathra leabhar na fáistine seo; tógfaidh Dia chun siúil a chuidsean de chrann na beatha agus den chathair naofa, a bhfuil cur síos orthu sa leabhar seo.


An té a thugann fianaise ar na nithe seo, deir sé: “Sea, táim ag teacht gan mhoill.” Amen. Tar, a Thiarna Íosa.


Grásta an Tiarna Íosa go raibh leis na naoimh go léir. Amen.


Ní fada go dtiocfaidh mé; coinnigh do ghreim ar a bhfuil agat, i dtreo nach sciobfadh aon duine do choróin.


Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí