Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 22:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Bhí ansiúd i lár a sráide agus ar dhá thaobh na habhann, crainn na beatha a bheireadh a dhá dtoradh déag, agus gach ceann díobh ag tabhairt a thoradh le haghaidh na míosa. Ba chun na ciníocha a leigheas duilliúr na gcrann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 i lármheán shráid na cathrach, arb í a foinse ríchathaoir Dé agus an Uain; agus thaispeáin sé dom ar dhá thaobh na habhann crann dhá thoradh déag na beatha, a thugas athrach toraidh gach mí; agus bhíodh duilleoga an chrainn mar chéiríní leighis ag na ciníocha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus i lár na sráide, ar gach taobh de’n abhainn, do bhí crann na beathadh, do‐bheireadh dhá thoradh déag, ag tabhairt a thortha uaidh uair san mí: agus d’fhóghain duilleabhar an chrainn chum na cinidheacha do leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a lár na shráide, agus ar gach táobh don tsrúth, do bhí crann na beatha, do bheireadh dhá thóradh dhéug úadh, agus do bheireadh a thóradh úadh gacha míos: agus do fhoghlain duille an chroinnsin chum leighis na gcineadhach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Bhí ansiúd i lár a sráide agus ar dhá thaobh na habhann, crainn na beatha a bheireadh a dhá dtoradh déag, agus gach ceann díobh ag tabhairt a thoraidh le haghaidh na míosa. Ba chun na ciníocha a leigheas duilliúr na gcrann.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 22:2
20 Tagairtí Cros  

Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc.


Leigheasann sé lucht an chroí bhriste; agus déanann a gcréachtaí a cheangal.


Crann na beatha í do lucht a sealbhaithe, agus is méanar dóibh siúd a choimeadann greim uirthi.


Déan croí an phobail seo trom, déan a gcluasa bodhar, dall a gcuid súl, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, go gcloisfeadh a gcluasa, go dtuigfeadh a gcroí, go n‑iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’ ”


Slánaigh mé a Thiarna, agus beidh mé slán go cinnte, sábháil mé agus beidh mé sábháilte, óir is tú amháin mo [dhóchas].


Rug sé ar ais mé go doras an Teampaill; agus féach, bhí uisce ag sceitheadh soir amach faoi bhun thairseach an Teampaill - bhí an Teampall féin ag féachaint soir. Sceith an t‑uisce amach faoi bhun an taoibh theas de thairseach an Teampaill, ó dheas ón altóir.


Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).


Ar an lá sin, sceithfidh uiscí beo amach as Iarúsailéim, leath amháin díobh i dtreo na farraige thoir agus an leath eile i dtreo na farraige thiar, ní amháin sa samhradh ach sa gheimhreadh chomh maith.


“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;


D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.


An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé bia dó ó chrann na beatha atá i bparthas Dé.’ ”


Dhá phéarla dhéag an dá gheata dhéag, agus gach ceann de na geataí d'aon phéarla amháin. Ba ór glan mar ghloine ghlé sráid na cathrach.


Siúlóidh na náisiúin timpeall ina solas, agus tabharfaidh ríthe an domhain a nglóir chuici.


Ansin thaispeáin sé dom sruth uisce na beatha, é glan mar chriostal, ag teacht ó ríchathaoir Dé agus an Uain.


Is méanar dóibh siúd a níonn a n‑éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair.


Má thógann aon duine aon chuid de bhriathra leabhar na fáistine seo; tógfaidh Dia chun siúil a chuidsean de chrann na beatha agus den chathair naofa, a bhfuil cur síos orthu sa leabhar seo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí