Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 21:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Ansin tháinig ceann de na haingil ag a raibh na seacht soitheach a bhí lán de na seacht bplá dheiridh agus d'agaill sé mé á rá: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an nuathair, céile an Uain.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Ba ansin a tháinig aingeal den mhórsheisear a raibh na seacht scála úd na seacht bplá deiridh acu, agus labhair sé liom mar seo, “Tar liom, go dtaispeána mé duit an Bhrídeog, banchéile an Uain.”

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus tháinig aingeal de na seacht n‐ainglibh go raibh na seacht soithighe líonta de na seacht bpláigheannaibh deireannacha aige; agus do labhair sé liom, g‐á rádh, Gabh i leith, taisbeánfad duit an bhean nua‐phósta, bean an Uain.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus táinic neach do na seachd nainglibh chugum agá rabhadar na seachd soithighe líonta do na seachd bplághuibh deigheanacha, agus do labhair sé riom, ag rádh, Gabh a leith, taisbéunfadsa dhuit an bhean núadhphósda, bean a Nuáin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Ansin tháinig ceann de na haingil ag a raibh na seacht soitheach a bhí lán de na seacht bplá dheiridh agus dʼagaill sé mé dá rá: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an nuachar, céile an Uain.”

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 21:9
10 Tagairtí Cros  

Is é seo apacailipsis Íosa Críost a thug Dia dó chun go dtaispeánfadh sé dá sheirbhísigh cad iad na nithe nach foláir a theacht gan mhoill; sheol sé a aingeal uaidh agus chuir in iúl é d'Eoin a sheirbhíseach;


Ansin tháinig ceann de na seacht n‑aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom á rá: “Gabh i leith! taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuiltí lána.


Déanaimis gairdeas agus lúcháir agus tugaimis glóir dó. Óir tá bainis an Uain tagtha, agus tá a nuachair arna hullmhú féin.


Agus thomhais sé a múr: céad agus ceithre bhanlámh is daichead de réir tomhas fir, mar a bhí ag an aingeal.


Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile.


Ansin thaispeáin sé dom sruth uisce na beatha, é glan mar chriostal, ag teacht ó ríchathaoir Dé agus an Uain.


Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.


Agus dúirt sé liom: “Briathra dílse fírinneacha iad seo. Dia, Tiarna spioraid na bhfáithe, sheol sé a aingeal chun a thaispeáint dá sheirbhísigh na nithe nach foláir a tharlú gan mhoill.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí