Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 17:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Ar chlár a héadain bhí ainm scríofa (rúndiamhair é): “An Bhablóin Mhór, Máthair Striapacha agus Uafáis an Domhain.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 agus bhí ainm rúnda scríofa ar chlár a héadain: “An Bhabalóin mhór, máthair striapacha agus shailíochtaí an domhain.”

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 agus do bhí ainm scríobhtha ar chlár a h‐éadain, Rúindiamhair, An Bhaibiolón Mhór, Máthair Méirdreach agus Déistin na Talmhan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus ainm sgríobhtha aglár a héudúin, RUINDIAMHAIR, AN BHABILON MHOR, MATHAIR SDRIOPACHAIS AGUS GHRAINEAMHLACHDA NA TALMHAN.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ar chlár a héadain bhí ainm scríofa: Rúndiamhair: “An Bhablóin Mhór, Máthair Striapacha agus Uafáis an Domhain.”

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 17:5
18 Tagairtí Cros  

A sotal féin, is fianaise ina n‑éadan é, déanann siad gaisce as a bpeaca, amhail Sodom. Is trua a gcás, mar rinne siad a gcreachadh féin.


“Uime sin, a striapach, éist le briathar an Tiarna.


Is é a mbascadh is dán dóibh sin; níl de Dhia acu ach a mbolg agus iad bródúil as a gcuid mínáire agus gan ach nithe saolta ina gceann acu.


Tá cumhacht dhiamhair an oilc ag obair cheana féin agus gan í ach ag fanacht go dtógfar as an tslí an té úd atá á cosc.


Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n‑eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n‑eaglaisí.


Agus beidh a gcorpáin ina luí ar shráid na cathrach móire - ar a dtugtar go fíorúil Sodom, agus an Éigipt mar ar céasadh a dTiarna chomh maith;


Agus lean aingeal eile, an dara ceann, é á rá: “Thit an Bhablóin Mhór, thit sí siúd a thug ar na ciníocha uile fíon feirge a striapachais a ól.”


Rinne trí choda den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, d'fhonn go dtabharfaí cupán fíona chuthach feirge Dé le hól di.


Ansin tháinig ceann de na seacht n‑aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom á rá: “Gabh i leith! taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuiltí lána.


Rinne ríthe an domhain striapachas léi-se, agus chuir fíon a striapachais áitritheoirí an domhain ar meisce.”


Agus dúirt an t‑aingeal liom: “Cad a bheir ionadh ort? Inseoidh mise duit rúndiamhair na mná agus an bheithígh atá á hiompar, é siúd ar a bhfuil seacht gceann agus deich n‑adharc.”


Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá: “Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, [agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;


Ansin thóg aingeal tréan carraig mar lia mór bró agus chaith sé isteach san fharraige í á rá: “Mar sin is ea a theilgfear an Bhablóin, an chathair mhór, chun láir d'aon iarracht, gan fáil uirthi feasta.


Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir. Thug sé breith ar an striapach mhór a thruailligh an domhan lena striapachas. Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.”


agus dúirt sé: “Ná déanaigí dochar do thalamh ná do mhuir ná do na crainn nó go gcuirfimid séala ar chláréadan sheirbhísigh Dé.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí