Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 17:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Bhí an bhean gafa i gcorcra agus i gcraorag, agus í órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí. Bhí cupán óir ina deaslámh agus é lán d'uafáis agus de shalachair a striapachais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus bhí an bhean cóirithe i gcorcra agus i scarlóid agus maisithe le hór agus le seoda agus le péarlaí, agus bhí cupán óir ina láimh a bhí lán de ghráiniúlacht agus de mhígheanmnaíocht a drúise;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do bhí an bhean clúduighthe fá éadaighibh caoir‐dhearga agus corcra, agus do bhí sí maisighthe le h‐ór agus le clochaibh luachmhara agus le péarlaibh, agus do bhí cupán óir ’n‐a láimh aici, agus é lán de dheistean agus de bhréantas a drúise,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus an bhean ar na héudúghadh do phúrpair agus do sgárrlaóid, agus ar na hóradh ré hór agus ré clochuibh morluáidh agus ré péurluighidh, agus do bhí cupán órrgha aice na láimh lán do ghráineamhlachd agus do neamhghloine a sdríopachais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Bhí an bhean gafa i gcorcra agus i gcraorag, agus í órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí. Bhí cupán óir ina deaslámh agus é lán dʼuafáis agus de shalachair a striapachais.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 17:4
22 Tagairtí Cros  

Bhí fiú striapacha naofa fir sa tír. Rinne sé aithris ar na nósanna bréana a bhí ag na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.


Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus rinne aithris ar na nósanna náireacha a chleacht na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.


Na haitheanta a d'aithin tú trí do shearbhóntaí na fáithe á rá: ‘An tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air, is tír é atá neamhghlan mar gur thruailligh na ciní dúchasacha é leis na gráiniúlachtaí lenar shalaigh siad é ó cheann ceann.


An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.


Bhí an Bhablóin ina cupán órga i láimh an Tiarna; chuir sí an talamh uile ar meisce; d'ól na náisiúin cuid dá fíon agus d'imigh ansin le báiní.


Tá a salachar féin ar a sciortaí; níor mhachnaigh sí riamh ar a raibh i ndán dí; ó nach tubaisteach é a turnamh! Níl sólásaí ar bith aici. “Féach, a Thiarna, ar m'ainnise; is ag mo naimhde atá an bua.”


Uime sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An dtruailleoidh sibhse sibh féin ar nós bhur n‑aithreacha, ag dul ar seachrán i ndiaidh a nithe gránna?


Cuir an pota folamh ansin ar na haibhleoga go dtí go mbeidh a phrás te, go loiscfidh an prás ina chaor the, go leáfar an salachar istigh, go ndófar an mheirg.


Is í do ghraostacht ghránna an mheirg úd. De bhrí gur mhian liomsa tú a ghlanadh agus nár mhian leat féin é, ní ghlanfar arís thú go n‑ídeoidh mise mo chuthach ort.


bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé. Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca, sard, tópas, diamant, criosailít, beiril, oinisc, saifír, carmhogal, smaragaid; ba as ór a rinneadh do thiompáin agus do phíbeanna. Gléasadh an t‑iomlán an lá ar cruthaíodh thú.


Croithfidh mé uisce glan oraibh agus beidh sibh glan; scagfaidh mé sibh ó bhur salachar uile agus ó bhur n‑íola uile.


Mar chaora fíniúna san fhásach, is ea a tháinig mé ar Iosrael; mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir), is ea a leag mé súil ar bhur sinsear. Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór, choisric siad iad féin don Náire, agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iad ná na nithe dár thug siad gean.


agus chonaic sibh a ngráiniúlachtaí agus na híola adhmaid agus cloiche agus airgid agus óir a bhí acu ina measc.


Agus lean aingeal eile, an dara ceann, é á rá: “Thit an Bhablóin Mhór, thit sí siúd a thug ar na ciníocha uile fíon feirge a striapachais a ól.”


lasta óir ná airgid, ná cloch lómhar, ná péarlaí, lasta línéadaigh mhín ná éadaigh chorcra, ná síoda, ná scarlóide, ná aon adhmad cumhra, ná aon ghréithe eabhair ná adhmaid mhórluaigh, ná práis, ná iarainn, ná marmair;


á rá: “Is mairg di, is mairg don chathair mhór, í siúd a bhí gléasta i línéadach mín, i gcorcra is i scarlóid, agus órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí.


Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir. Thug sé breith ar an striapach mhór a thruailligh an domhan lena striapachas. Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.”


Dhá phéarla dhéag an dá gheata dhéag, agus gach ceann de na geataí d'aon phéarla amháin. Ba ór glan mar ghloine ghlé sráid na cathrach.


Ní mó ná sin a rinne siad aithrí ina ndúnmharuithe ná ina n‑asarlaíocht ná ina gcuid striapachais ná gadaíochta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí