Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 15:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Cé nach mbeidh eagla air agus nach dtabharfaidh glóir do dʼainm, a Thiarna? Is tú amháin atá naofa. Tiocfaidh na ciníocha uile do dʼadhradh, mar tá do bhreithiúnais tar éis a nochta.”

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Cia h‐é nach mbéidh eagla air rómhat, a Thighearna, agus nach dtiubhraidh glóir dot’ ainm? Óir is tusa amháin atá naomhtha; agus tiocfaidh na cinidheacha uile agus sléachtfaidh siad rómhat; óir atá do bhreitheamhnaisí lán‐fhoillsighthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Cía air nach biáidh eagla rómhad, a Thíghearna, agus nach dtiubhradh glóir dod ainm? Óir as tú táonar atá naomhtha: óir tiucfuid na huile chineadhacha agus sléuchdfuid ad fíadhnuise; óir atáid do bhreitheamhnuis ar na bhfoillsiughadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do dʼainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.”

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 15:4
44 Tagairtí Cros  

Is é an Tiarna féin ár nDia a bhfuil a bhreitheanna i réim ar fud na cruinne.


Rinne sé a phobal a fhuascailt, agus bhunaigh sé a chonradh go brách. Is naofa a ainm agus is creathnach.


Fógróidh mé d'ainm do mo bhráithre, molfaidh mé thú i lár do phobail.


Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad; molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna. Go maire bhur gcroí go brách!


Ní éisteann tú, a Dhia, nuair a ghlaoim ort sa lá: Nuair a screadaim ort san oíche ní bhfaighim aon suaimhneas.


Na ciníocha go léir a rinne tú, tiocfaidh siad do d'adhradh, a Thiarna; agus déanfaidh siad d'ainm a fhógairt.


Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta, cé atá inchurtha le Dia ar shlua na bhflaitheas?


Cloiseann Síón agus líonann sí d'áthas, agus tá lúcháir ar chathracha Iúdá as ucht do bhreithiúnas, a Thiarna.


Móraigí an Tiarna, ár nDia; umhlaígí i láthair a stóil choise; de bhrí gur naofa é an Tiarna.


Móraigí an Tiarna, ár nDia, agus umhlaígí ar a Shliabh Naofa; óir is naofa é an Tiarna, ár nDia.


Sna hoileáin freisin táthar ag glóiriú an Tiarna, agus i gcríocha na farraige ainm an Tiarna, Dia Iosrael.


Is uime sin a thugann an cine borb seo glóir duit; uime sin atá eagla ar chathracha na náisiún danartha romhat.


Bíonn m'anam ag dréim leat san oíche, agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh; nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh, foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir.


Mionnaim dar mé féin; is í an fhírinne a thagann as mo bhéal, geallúint nach bhfuil dul siar uirthi: ‘Os mo chomhairse cromfar gach glúin, dar mise is ea a thabharfaidh gach teanga a mionn.’


Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.


Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile: “Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua. Tá an talamh lán dá ghlóir.”


Ar a fheiceáil duit, beidh loinnir i do ghnúis, beidh do chroí ag borradh ionat le tocht: óir casfar flúirse na farraige i do threo, tiocfaidh saibhreas na náisiún ag triall ort.


Cé hé an té nach dtabharfadh urraim duit, ó a Rí na gciníocha? Sea, is duitse is dual é seo. De bhrí nach bhfuil i measc críonna uile na gciníocha, agus ina ríochtaí uile, aon duine cosúil leatsa.


Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: “Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.


Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.


Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).


Nach bhfuil tú ann riamh anall, a Thiarna, A Dhia liom, m'Aon Naofa, nach bhfaigheann bás choíche? Tá an pobal seo ceaptha agat ar son an chirt; chuir tú ar bun é, a charraig, chun díoltas a imirt.


Gach bliain tiocfaidh iarmhar na náisiún a rinne ionsaí ar Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh agus chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh.


Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin, tusa a chonaíonn sa Bhablóin;


Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.


agus san am céanna chun go dtabharfadh na gintlithe glóir do Dhia ar son a thrócaire, mar atá scríofa: “Molfaidh mé thú dá bhrí sin i measc na náisiún, agus canfaidh mé do d'ainm le duan.”


mar tá scríofa: “Bígí naofa mar go bhfuilimse naofa.”


Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus b'shiúd guthaí tréana sna flaithis á rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.”


Bhí sé ag glaoch go hard á rá: “Bíodh eagla Dé oraibh, agus tugaigí glóir dó, óir tá uair a bhreithiúnais tagtha. Sléachtaigí le hómós don té a rinne neamh agus talamh, an mhuir agus na toibreacha fíoruisce.”


Agus chuala mé aingeal na n‑uiscí á rá: “Is cóir thú, an té atá ann, agus a bhí, ós mar seo a thug tú breith, tusa atá naofa.


Agus chuala an altóir féin á rá: “Sea, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh, is fíor agus is cóir iad do bhreitheanna!”


Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir. Thug sé breith ar an striapach mhór a thruailligh an domhan lena striapachas. Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.”


Deonaíodh di í féin a ghléasadh i línéadach mín geal glioscarnach” (óir is iad oibreacha fíréantachta na naomh an línéadach mín).


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: ‘Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine:


Agus bíonn sé sciatháin ar gach ceann de na ceithre dúile beo, agus iad lán de shúile mórthimpeall agus laistigh; ní théann aon stad orthu de lá ná d'oíche ach ag rá:


Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: “A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?”


Níl aon neach naofa mar an Tiarna - níl aon neach seachas thú - Níl carraig mar ár nDia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí