Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 14:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Rinneadh fís dom arís: b'shiúd an tUan ina sheasamh ar chnoc Shíón, agus ina theannta bhí céad agus ceithre mhíle is daichead de dhaoine a raibh a ainm agus ainm a athar scríofa ar a n‑éadan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Dʼamharc mé ansin, agus bʼshiúd é an tUan ina sheasamh ar mhullach Shliabh Shióin agus céad daichead is a ceathair de mhílte in éineacht leis a raibh a ainmsean agus ainm a Athar scríofa ar chláir a n-éadan.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do dhearcas, agus féach, an tUan ’n‐a sheasamh ar chnoc Síoin, agus céad ceathrar agus dá fhichid míle duine ’n‐a fhochair, agus a ainm‐sean agus ainm a Athar scríobhtha ar chláraibh a n‐éadain.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus damhairc mé, agus, féuch, Uán na sheasamh ar slíabh Sióin, agus céud ceathrar agus dá fhichid do mhíltibh na fhochair, agá raibh ainm a Athar sgríobhtha a gcláruibh a néudan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Rinneadh fís dom arís: bʼiúd an tUan ina sheasamh ar chnoc Shíón, agus ina theannta bhí céad agus ceithre mhíle is daichead de dhaoine a raibh a ainm agus ainm a athar scríofa ar a n-éadan.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 14:1
30 Tagairtí Cros  

“Chuir mise mo rí féin i réimeas ar Shíón, ar mo shliabh naofa.”


Mar bhí Síón á rá: “Tá mé tréigthe ag an Tiarna, tá mé ligthe i ndearmad ag mo Dhia.”


Tháinig briathar an Tiarna chugam: “rí Irimia, céard a fheiceann tú?” “Feicim slat almóinne,” arsa mise.


D'amharc mé uaim. Bhí stoirm ghaoithe ag séideadh aduaidh, néal mór agus solas uime, tine ag spréacharnach gan stad, agus i lár na tine mar a bheadh prás ag drithliú.


D'amharc mé ansin agus chonaic san fhirmimint os cionn chloigne na gceiribiní mar a bheadh saifír i riocht ríchathaoireach.


D'amharc mé: bhí ceithre roth le hais na gceiribíní, roth le hais gach ceiribín acu; bhí cuma na rothaí mar dhrithliú criosailít.


Agus ar dhearcadh uaim, féach, bhí lámh ansin ag síneadh i mo threo agus scrolla inti.


Thug sé isteach mé tríd an ngeata thuaidh go dtí aghaidh an Teampaill. D'amharc mé agus chonaic glóir an Tiarna ag líonadh Theampall an Tiarna agus shléacht mé go talamh.


Rug sé mé ansin go doras na cúirte; agus ar dhearcadh uaim chonaic mé poll sa bhalla.


Dúirt an Tiarna leis: “Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.”


“A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé. “Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé. Ansin dúirt an Tiarna liom: Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt, ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.


Beidh na bacaigh sin ina bhfuílleach agam agus déanfaidh mé náisiún láidir den mhuintir atá tuirseach traochta. Beidh an Tiarna féin ina rí orthu ar Shliabh Shíón as seo amach agus go deo.


“Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Is é rud a fheicim,” arsa mise, “ná crann solais agus é déanta go hiomlán d'ór agus babhla ar a bharr. Tá seacht lampa air agus seacht ngob ar gach ceann díobh.


Deirim libh, gach aon duine a ghlacfaidh liomsa os comhair daoine, glacfaidh Mac an Duine leis sin chomh maith os comhair aingeal Dé;


mar atá scríofa: “Feach, tá ceap tuisle agus carraig oilbhéime á leagan agam i Síón; ach an té a chreideann ann, ní bheidh díomá air.”


Ansin bhí fís agam agus b'shiúd an néal geal agus ina shuí ar an néal, neach mar mhac duine, agus coróin óir ar a cheann agus corrán géar ina lámh.


Agus canann siad mar a bheadh caintic nua os comhair na ríchathaoireach agus os comhair na gceithre dhúil bheo agus na seanóirí; níor fhéad aon duine an chaintic a fhoghlaim seachas an céad agus ceithre mhíle agus daichead a bhí ceannaithe ón saol.


Ina dhiaidh sin chonaic mé fís! b'shiúd teampall bhoth na fianaise ar oscailt sna flaithis,


agus beidh a ghnúis le feiceáil acu, agus beidh a ainm ar chlár a n‑éadain.


An té a bheireann bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé, agus ní rachaidh sé amach go deo arís; agus scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, an Iarúsailéim Nua, a thiocfaidh anuas ó neamh ó mo Dhia, agus m'ainm nua féin.


Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus ba shiúd doras oscailte ar neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé á rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”


D'fhéach mé, agus b'shiúd an t‑each báiteach bán agus “An Bás” a ba ainm don mharcach a bhí air, agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí