Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 13:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Cuireann sé iallach ar gach duine idir bheag agus mhór, idir shaibhir agus dhaibhir, idir shaor agus dhaor, marc a bhualadh ar a ndeaslámh nó ar a n‑éadan

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Agus lena chois sin cuireann sé iallach ar na daoine uile, idir bheag agus mhór agus shaibhir agus dhaibhir agus shaor agus dhaor, comhartha a ghlacadh orthu féin ar a lámha deasa nó ar chláir a n-éadain,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus cuireann sé d’fhiachaibh ar an uile dhuine, idir bheag agus mhór, shaidhbhir agus bhocht, shaor agus dhaor, marc do glacadh chuca ar a láimh dheis, nó ar chlár a n‐éadain;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus tug sé air a nuile dhuine, eidir bheag agus mhór, eidir shaidhbhir agus dhaidhbhir, eidir sháor agus dáor, comhartha do ghabháil chuca na láimh dheis, nó a gcláruibh a néudan:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Cuireann sé iallach ar gach duine idir bheag agus mhór, idir shaibhir agus dhaibhir, idir shaor agus dhaor, marc a bhualadh ar a ndeaslámh nó ar a n-éadan

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 13:16
26 Tagairtí Cros  

agus cibé duine nach lorgfadh an Tiarna Dia Iosrael, go gcuirfí chun báis é, cibé acu óg nó aosta é, fear nó bean.


Agus nach mbeadh lé aige le flatha, Ná le saibhre thar na boicht, Mar gur óna láimh féin iad uile.


Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna, idir mhion agus mhór in éineacht.


Éistigí, a chiníocha go léir, tugaigí cluas, a áitritheoirí na cruinne,


Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d'éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach.


Dúirt an Tiarna leis: “Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.”


Agus má fhiafraítear de: ‘Céard iad na créachtaí seo atá ar do chorp?’ freagróidh sé: ‘Is amhlaidh a fuair mé i dteach mo chairde iad.’ ”


Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní á rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach:


mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.


Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa.


Ná bíodh aon duine do mo bhuaireamh as seo amach, mar tá marcanna ár dTiarna Íosa Críost ar mo chorp agam.


agus a fhios agaibh, cibé ní fónta a dhéanann sibh, go bhfaighidh gach duine, saor nó daor, a chúiteamh ón Tiarna.


“Taiscigí dá bhrí sin na focail seo liom in bhur gcroí agus in bhur n‑anam; greamaigí iad mar chomhartha ar bhur láimh, agus mar lann ar chlár bhur n‑éadain.


Ceangail iad mar chomhartha ar do láimh, agus mar lann ar d'éadan.


Ní Giúdach ná Gréagach atá ann feasta, duine timpeallghearrtha ná duine gan timpeallghearradh, barbarach ná Scíotach, saor ná daor ach Críost amháin - Críost an Uile agus é san uile ní.


Faoi mar a chuir Iannaes agus Iambraes in aghaidh Mhaois fadó, bíonn na daoine seo ag cur in aghaidh na fírinne ar an gcuma chéanna, de bhrí go bhfuil a n‑aigne truaillithe agus a gcreideamh gan bhrí.


Ghabh fearg na ciníocha, ach tháinig fraoch d'fheirge agus uain an bhreithiúnais ar na mairbh, uain cúiteamh a thabhairt do do sheirbhísigh, na fáithe, agus do na naoimh agus don dream ag a bhfuil urraim do d'ainm, idir bheag agus mhór, uain scriosta lucht scriosta an domhain.”


Ansin chonaic mé mar a bheadh farraige de ghloine measctha le tine, agus an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch agus ar a dhealbh, agus ar uimhir a ainm - bhí siad ina seasamh ar an bhfarraige gloine, agus cruiteanna Dé acu,


chun go n‑íosfaidh sibh feoil ríthe, agus feoil cheanafort, agus feoil na laochra, agus feoil na n‑each, agus feoil a marcach, agus feoil gach n‑aon idir shaoránach is dhaoránach, idir bheag agus mhór.”


Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.


Agus tháinig guth ón ríchathaoir amach á rá: “Molaigí bhur nDia, a sheirbhíseacha go léir leis, sibhse ar a bhfuil a eagla, idir bheag agus mhór.”


Agus chonaic mé na mairbh, idir mhór is mhion, ina seasamh os comhair na ríchathaoireach. Agus osclaíodh na leabhair, agus osclaíodh leabhar eile, leabhar na beatha is é sin. Agus tugadh breith ar na mairbh óna raibh scríofa sna leabhair, de réir a n‑oibreacha.


Agus chonaic mé na ríchathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n‑éadan ná ar a lámh. Tháinig an t‑anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.


Ansin, ríthe an domhain, agus na maithe móra, agus na cinn feadhma, lucht an tsaibhris agus an nirt, agus gach daor agus saor, chuaigh siad i bhfolach i bpluaiseanna agus i measc carraigeacha na gcnoc,


agus dúirt sé: “Ná déanaigí dochar do thalamh ná do mhuir ná do na crainn nó go gcuirfimid séala ar chláréadan sheirbhísigh Dé.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí