Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 12:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 ach ní rug siad bua, agus ní bhfuarthas a n‑ionad sna flaithis feasta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 ach ní bhfuair siad bua sa chath ná ionad ar neamh ní ba mhó.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 agus níor éirigh an cath leo, agus ní fríth aon áit as sin amach dóibh ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Gidheadh ní rugadar buáidh; agus ní fríth a náit ó shin amach ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 ach níor rug siad bua, agus ní bhfuarthas a n-ionad sna flaithis feasta.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 12:8
18 Tagairtí Cros  

An tsúil a chonaic é, ní luífidh sí air a thuilleadh, Agus ní bhfaighfear radharc air níos mó ina áit dhúchais.


Ní thagann sé abhaile arís, Agus ní aithneoidh a áitreabh é a thuilleadh.


Fuadaigh as a leaba é, Agus séanfaidh sin go bhfaca sí riamh é.


Is minic a crádh mé ó m'óige, ach ní dhearnadh mo threascairt.


Féach orm agus freagair mé a Thiarna, a Dhia liom. Soilsigh mo shúile sula dtitfidh codladh an bháis orm,


Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine Féach a ionad! ní ann dó feasta.


Troidfidh siad i d'aghaidh, ach ní bhéarfaidh siad bua ort, óir táimse leat agus tusa faoi mo choimirce - is é an Tiarna a labhraíonn.”


Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.


Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m'eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi.


chun dul i mbun an chúraim aspalda seo ar thréig Iúdás é chun dul ina áit féin.”


Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d'fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir.


Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n‑anam thar an mbás.


Ansin bhris cogadh amach sna flaithis, níor mhór do Mhícheál agus dá chuid aingeal troid leis an dragan. D'fhreagair an dragan agus a chuid aingeal an cath,


An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis.


Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí