Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 11:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Agus ar gcríochnú a bhfianaise dóibh, an beithíoch a éiríonn aníos as an duibheagán, fearfaidh sé cogadh orthu agus cloífidh iad agus maróidh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Agus nuair a bhíonn a bhfianaise críochnaithe acu, cuirfidh an beithíoch allta a éiríos as an duibheagán cogadh orthu agus buafaidh sé orthu agus básóidh sé iad,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus nuair bhéas a bhfiadhnaise críochnuighthe aca, an t‐ainmhidhe thig as an duibheagán, déanfaidh sé cogadh leo, agus buaidhfidh sé ortha, agus marbhóchaidh sé iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus an tan chriochnóchuid síad a bhfíadhnuise, do dhéunuidh an tainmhidhe éirgheas ón bpoll dubhaigéin cogadh ríu, agus béuruidh sé buáidh orrtha, agus muirfidh sé íad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Agus ar gcríochnú a bhfianaise dóibh, an beithíoch a éiríonn aníos as an duibheagán, fearfaidh sé cogadh orthu agus cloífidh iad agus maróidh iad.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 11:7
20 Tagairtí Cros  

Agus dúirt sé leo: “Imígí agus abraigí leis an sionnach úd: ‘Féach, bím ag caitheamh deamhan amach agus ag oibriú leigheas inniu agus amárach, agus ar an treas lá bíonn an deireadh agam.


Agus bhíodar ag achainí air gan a fhógairt dóibh imeacht leo sa duibheagán.


Thug mise glóir duit ar talamh; tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.


Tar éis dó an fínéagar a ghlacadh dúirt Íosa. “Tá sé curtha i gcrích.” Chrom sé a cheann agus thug uaidh a spiorad.


Ach ní fiú tráithnín liom mo bheatha dom féin chomh fada agus a thugaim mo chúrsa agus go gcomhlíonaim an dualgas úd a leag an Tiarna Íosa orm: fianaise a thabhairt ar dhea-scéal ghrásta Dé.”


Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.


Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinné é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí.


Bhí an dragan, más ea, i bhfearg leis an mbean, agus d'imigh sé leis chun cogadh a fhearadh ar an gcuid eile dá sliocht, iad siúd a choimeádann aitheanta Dé agus a thugann fianaise ar Íosa.


Ansin chonaic mé, ag éirí ón talamh, beithíoch eile ar a raibh dhá adharc mar uan agus a labhair mar dhragan.


Agus tugadh cead dó cogadh a fhearadh ar na naoimh, agus iad a chloí; agus tugadh údarás dó ar gach treibh agus pobal agus teanga agus cine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí