Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Samúéil 22:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 Cé eile is Dia ann ach an Tiarna? Cé eile is carraig ach Dia seo againne?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Oír cía is Día ann, achd an TIGHEARNA? agus cía as carruic ach ar Ndianne?

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 22:32
13 Tagairtí Cros  

Labhair Dia Iacóib agus dúirt Carraig Iosrael liom: An té a rialaíonn daoine leis an gceart, agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó,


Uime sin is mór é thú, a Thiarna Dia; níl aon neach mar thú, níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin.


Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: “Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.


Ná bíodh uamhan ná eagla oraibh: Nár thug mé le fios agus nár fhógair mé sin daoibh fadó? Tá sibh féin in bhur bhfinnéithe agam, an bhfuil Dia eile ann seachas mé féin? Níl aon Charraig eile ann; ní eol dom a leithéid!”


Déanaigí fógra, cuirigí bhur gcás i láthair, gabhaigí i gcomhairle le chéile fiú amháin: Cé a d'fhógair an méid sin roimh ré, nó cé a d'fhoilsigh é ag an am? An ea nach mise, an Tiarna, a rinne? Níl aon dia eile ann ach mé féin, Dia cóir agus Fuascailteoir; níl dada eile ann ach mise amháin.


Ní cosúil leo siúd “Roinn Iacóib”, óir is é cruthaitheoir an uile ní é, agus is é Iosrael treibh a oidhreachta. Tiarna na Slua is ainm dó.


Óir níl a gcarraigsean mar ár gCarraigne; ní himpígh ár naimhde.


Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).


Thaispeáin sé an méid sin daoibh, d'fhonn go mbeadh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia dáiríre agus nach bhfuil Dia ann ach é.


Níl aon neach naofa mar an Tiarna - níl aon neach seachas thú - Níl carraig mar ár nDia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí