Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Samúéil 22:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Shín sé a lámh chugam ó na harda agus sciob sé mé as na huiscí doimhne.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Do chuir sé ó náird a núas, agus do ghlac sé mé; do tharruing sé amach as iomad uisgeadh mé.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 22:17
12 Tagairtí Cros  

D'fhuascail sé mé ó mo namhaid tréan, uathu siúd a thug fuath dom, mar go raibh siad róláidir dom.


Amhrán Oilithreach. 1 As na duibheagáin a ghlaoim ort, a Thiarna; éist, a Thiarna, le mo ghuí.


Sín do lámh uait anuas le mé a shaoradh is a fhuascailt ó na tuilte agus ó láimh na n‑eachtrannach,


Bhí foinsí na farraige le feiceáil agus nochtadh fothaí na cruinne de thoradh do bhagartha, a Thiarna, de thoradh sí gaoithe do chuid feirge.


Guífidh gach neach diaga thú, dá bhrí sin, in am an éigin. Nuair a bhrúchtfaidh na tuilte móra ní thiocfaidh siad i ngar dó.


Agus d'fhás an leanbh agus thug sí chun iníon Fhorainn é, agus bhí sé amhail mac aici, agus thug sí Maois air, “mar,” ar sí, “gur tharraing mé as an uisce é.”


Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat; má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú. Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin, ná ní loiscfidh an lasair thú.


D'éirigh an t‑uisce os mo chionn agus dúirt mé: ‘Tá deireadh liom!’


Lean sé air ag caint liom: “Na huiscí a chonaic tú mar a bhfuil an striapach ina suí, pobail agus slóite iad, agus ciníocha agus teangacha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí