Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Samúéil 14:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Tá an bás i ndán dúinn go léir; is cuma sinn nó uisce a doirteadh ar an talamh nach féidir a bhailiú le chéile aris; ní mó ná sin a ardaíonn Dia duine ón mbás. Déanadh [an rí] mar sin seift ar son an té a díbríodh le nach bhfanfadh sé i bhfad i gcéin uaidh ar deoraíocht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Oír caithfiom bás dfulang, agus atámaóid mar uisge do dhóirtfidh ar an dtalamh, nach féidir do chruinniughadh a ris; agus ní mheasann Día pearsa, tar a chéile: gidheadh do ní sé slighe, nach scriosfuidhe a dhíbearthach uadh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 14:14
31 Tagairtí Cros  

Dúirt Dáiví leis an teachtaire: “Abair é seo le Ióáb: ‘Ná cuireadh an gnó seo buairt ar do chroí, óir slogann an claíomh fear uair, agus fear eile uair eile. Tabhair ruathar níos treise faoin gcathair agus scrios í.’ Tabhair misneach mar sin dó.”


Is é cúis faoinar tháinig mé le labhairt ar an ábhar seo le mo thiarna an rí, mar gur chuir daoine eagla orm, agus rith sé le d'ionailt: ‘Labhróidh mé leis an rí; b'fhéidir go ndéanfadh an rí mar a iarrfaidh a ionailt air.


agus ar an gcuma sin déanfaidh mé sliocht Dháiví a umhlú, ach ní go deo é.’ ”


Fiú dá bhfaigheadh duine bás, agus aiséirí arís, D'fhanfainn ar aimsir mo laethanta go léir, Nó go ndéanfaí fóirithint orm.


Tá a fhios agam gur go dtí an bás atá tú do mo bhreith, Agus go teach cruinnithe na mbeo go léir.


Gheobhadh gach feoil bás, Agus d'fhillfeadh an duine ar an gcré.


Agus nach mbeadh lé aige le flatha, Ná le saibhre thar na boicht, Mar gur óna láimh féin iad uile.


Leathann siad a gcraos i mo choinne mar leon amplach agus é ag búiríl.


Doirtear amach mé mar uisce, tá mo chnámha arna scaoileadh ó chéile. Is cosúil mo chroí le céir arna leá i lár mo chléibh.


Déan a bhfiacla a bhriseadh ina mbéal, a Dhia; stoith amach cúilfhiacla na leon, a Thiarna.


An dtabharfaidh an Tiarna tarcaisne dúinn i gcónaí; an ea nach mbeidh sé bámhar linn feasta?


Dhoirt siad a gcuid fola amhail uisce mórthimpeall Iarúsailéim; agus ní raibh duine le fáil a chuirfeadh san uaigh iad.


Seachtó bliain suim ár saolré; nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte. Saothar agus stró a sealsan; imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.


Déanann tú deannach arís den duine á rá: “Ar ais libh, a Ádhamhchlann.”


Murar fhan sé in eadarnaí air, ach gur sheol Dia ina lámha é, ansin ainmneoidh mé duit áit a bheidh ina thearmann dó.


Dar ndóigh, is eol do na beo go bhfaighidh siad bás, ach níl eolas dá laghad ag na mairbh, agus ní mó ná sin atá luach saothair ar bith ann dóibh a thuilleadh, mar tá a gcuimhne imithe i ndearmad ar fad.


Óir ní go síoraí seasta a shéanfaidh an Tiarna a phobal;


An mbainim sult as bás an drochdhuine? - an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach é mo mhian go dtréigfeadh sé a bhealaí agus go mairfeadh sé?


Ach má admhaíonn siad a bpeacaí agus peacaí a n‑aithreacha trína ndearnadar feall i m'aghaidh, sea agus trínar chuireadar i mo choinne,


Beidh na sé cathracha seo mar thearmann ag clann Iosrael agus ag an gcoimhthíoch agus ag an deoraí atá ag cur faoi ina measc, i dtreo gur féidir don té a dhéanann marú cinniúnach teitheadh iontu.


agus an marfóir a shaoradh ar an gcuma sin ó láimh an díoltach fola. Cuirfidh an comhthionól ar ais é go dtí an chathair thearmainn mar ar theith sé; fanadh sé ansiúd go bhfaighe an t‑ardsagart a ungadh leis an ola choisricthe bás.


Óir ní foláir don mharfóir fanacht ina chathair thearmainn go bhfaighe an t‑ardsagart bás; tar éis bhás an ardsagairt tá cead ag an marfóir filleadh ar an áit ina bhfuil a mhaoin.


agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile.


Ansin thosaigh Peadar ag labhairt: “Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile


mar ní thaobhaíonn Dia le daoine seachas a chéile.


Óir is é an Tiarna bhur nDia Dia na ndéithe, agus Tiarna na dtiarnaí, an Neach mór, caithréimeach, uafar, thar gach leathchuma agus thar gach breab.


Caithfidh gach duine bás a fháil an t‑aon uair amháin ar fad agus ina dhiaidh sin tugtar breith air.


Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí