Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Samúéil 12:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Chrom Dáiví ar shólás a thabhairt dá bhean Baitseaba, agus chuaigh isteach chuici agus luigh léi. Ghabh sí gin, agus rug sí mac ar ar thug sí Solamh. Bhí grá ag an Tiarna dó,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 ¶ Agus do bhí Dáibhi ag déanamh sóláis dá mhnáoi Bat‐seba, agus do chuáidh sé a steach mar a raibh si, agus do luidh lé: agus rug sí mac dhó, agus tug sé Solamh dainm air: agus dob ionmhuin leis an TIGHEARNA é.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 12:24
13 Tagairtí Cros  

agus d'inis sé é sin trí bhéal Nátán fáidh. Thug sé dá bhrí sin Muirnín an Tiarna air de bharr an Tiarna.


Seo iad ainmneacha na clainne a rugadh dó in Iarúsailéim: Seamúa, Seobán, Nátán, Solamh,


Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n‑adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.


ach níor thug sé cuireadh do Nátán fáidh, ná do Bhanáiá ná do na gaiscígh ná do Sholamh a dheartháir.


Ansin dúirt Nátán le Baitseaba, máthair Sholaimh: “Nár chuala tú go ndearnadh rí d'Adoiníá mac Haigít gan fhios do Dháiví, ár dtiarna?


Dúirt Dáiví rí ansin leis an gcomhthionól go léir: “Solamh mo mhac, an té sin amháin a roghnaigh Dia thar chách, tá sé óg ar bheagán taithí, agus is mór é an saothar; óir ní do dhuine an pálás seo, ach don Tiarna Dia.


Seo iad na mic a rugadh dó in Iarúsailéim: Simeá, Seobáb, Nátán, Solamh, clann Bhaitseúa iníon Aimíéil an ceathrar sin;


Nach mar sin a pheacaigh Solamh rí Iosrael; ní raibh riamh rí mar é i measc na náisiún go léir; ghráigh a Dhia é; rinne Dia rí ar Iosrael go léir de; mar sin féin ba shiocair pheaca fiú dósan mná deoranta.


Ba mhac mise freisin le hais m'athar, agus ba aonmhac muirneach mé ag mo mháthair.


ghin Iseái Dáiví rí. Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úirías;


Dúirt sé faoi Bhiniáimin: An té is ionúin leis an Tiarna, tá cónaí air gan bhaol ina fharraid. Cumhdaíonn an Té is Airde é ó lá go lá agus lonnaíonn sé ar leicne a shléibhte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí