Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Peadar 3:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Ach de réir a ghealltanais-sean, fanaimid le neamha úmua agus le talamh úmua a bheas ina áras cónaithe ag an bhfíréantacht.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Acht do réir a gheallamhna, atáimíd ag súil le neamh úr‐nua agus le talamh úr‐nua, ar a ndéanfaidh fíréantacht cómhnaidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Achd atá súil aguinne, do réir a gheallamhnasan, ré neamhuibh núadha agus ré talamh núadh, ann a gcomhnuigheann an fhiréuntachd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht.

Féach an chaibidil Cóip




2 Peadar 3:13
8 Tagairtí Cros  

Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.


Óir tá mé chun spéartha nua agus talamh nua a chruthú agus ní mheabhrófar feasta na rudaí a tharla, ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó.


Beidh an mac tíre agus an t‑uan ag iníor le chéile, íosfaidh an leon cochán ar nós na mart, agus beathóidh an nathair í féin le deannach. Díth ná dochar ní dhéanfar níos mó ar mo shliabh beannaithe ar fad, a deir an Tiarna.


Óir na spéartha nua agus an talamh nua atá á gcruthú agam, díreach mar a bheidh siadsan buan i mo láthair, briathair an Tiarna, is amhlaidh a bheidh bhur gcine agus bhur n‑ainm buan chomh maith.


mar fuasclófar an dúlra féin ó dhaoirse na truaillitheachta, chun saoirse ghlórmhar chlann Dé.


dá bhrí sin, thug sé a ghealltanais luachmhara rómhóra dúinn lenarbh fhéidir daoibh an truaillitheacht atá sa saol de bharr na n‑ainmhianta a sheachaint agus a bheith páirteach sa nádúr diaga.


Ansin chonaic mé neamh nua agus talamh nua. Bhí an chéad neamh agus an chéad talamh bailithe leo agus gan an fharraige ann feasta.


Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí