Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Peadar 1:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 mar go bhfuil a fhios agam nach fada uaim go gcuirfidh mé díom an bhoth seo faoi mar a nocht ár dTiarna Íosa Críost dom.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 ó tá a fhios agam nach fada go gcuire mé an corp seo díom, mar atá nochta dom ag ár dTiarna Íosa Críost.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 agus a fhios agam gur gairid dom an t‐am ’n‐a scarfad leis an mboith seo agam, fá mar tá foillsighthe ag ár Slánuightheoir Íosa Críost dom.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Ar mbeith a fheasa agum gur fogas damh ám sgáoilte mo bhoithe, amhuil fós do thaísbéin ar Dtíghearna Iósa Críosd dhamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 mar go bhfuil a fhios agam nach fada uaim go gcuirfidh mé díom an bhoth seo faoi mar a nocht ár dTiarna Íosa Críost dom.

Féach an chaibidil Cóip




2 Peadar 1:14
11 Tagairtí Cros  

Tá m'áit chónaithe bainte dhíom, tá sí stoite ar nós an phubaill a bhíonn ag aoirí; mar a dhéanfadh fíodóir, tá mo shaol cornta suas agat, agus tú ar tí an uige a ghearradh. Ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche,


Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, cá bhfuil tú ag dul?” D'fhreagair Íosa é: “Mar a bhfuilimse ag dul, ní féidir duitse mé a leanúint anois, ach leanfaidh tú mé níos déanaí.”


“Tá a fhios agam anois nach bhfeicfidh sibhse mo ghnúis níos mó, sibhse go léir ar shiúil mé in bhur measc ag fógairt na ríochta.


Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine.


Dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, tá an t‑am ag druidim leat nuair a chaithfidh tú bás a fháil; glaoigh ar Iósua agus tagaigí i láthair i mBoth na Teagmhála go dtuga mé a threoracha dó.” Tháinig Maois agus Iósua i láthair i mBoth na Teagmhála.


I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deoch íobartha agus tá uair na scarúna buailte liom.


“Ní foláir domsa anois bealach na cré go léir a ghabháil. Déanadh gach mac máthar díbh a admháil ó chroí agus ó anam, nár theip ar oiread agus gealltanas de na gealltanais go léir a thug an Tiarna bhur nDia in bhur dtaobh; comhlíonadh iad go léir, gan ceann a theip.


Is dóigh liom gur chóir dom, fad táim i mboth seo an choirp, a bheith do bhur múscailt le rabhadh,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí