Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Corantaigh 4:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 bítear dár ngéarleanúint ach nílimid tréigthe; bítear dár síneadh ach nílimid díscithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 cuirtear an tóir orainn ach ní dhéantar ár dtréigean; treascartha ach ní scriostar sinn;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 curtar an tóir orainn, acht ní tréigthear sinn; buailtear síos sinn, acht ní scriostar sinn;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Bí gérleanmhuin dá déunamh oruinn, gidheadh ní tréigthear sinn; teilgthear síos sinn, gidheadh ní théighmid amúgha;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 bítear dár ngéar-leanúint ach nílimid tréigthe; bítear dár síneadh ach nílimid díscithe.

Féach an chaibidil Cóip




2 Corantaigh 4:9
19 Tagairtí Cros  

Óir leagann sé ar lár lucht na mbriathar uallach, Agus slánaíonn sé lucht na súl uiríseal.


Is minic a crádh mé ó m'óige, ach ní dhearnadh mo threascairt.


Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Eilit na Maidine”. Salm le Dáiví.


Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo. Déanfar lucht na héagóra a dhíothú agus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh.


Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam tarcaisníonn mo naimhde mé, á rá liom gan stad in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”


Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh nuair a chuirim mo racht díom: mar a ghluaisinn i dtosach an tslua ag triall ar theach Dé dom, le gártha gairdis agus molta i ndáil fleá agus féile.


Tá an Tiarna ina dhaingean dá mbíonn faoi chois, ina dhaingean in am na hiaróige;


Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís; ach déanann an tubaiste na hurchóidigh a threascairt.


Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat; má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú. Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin, ná ní loiscfidh an lasair thú.


Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta, ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche. Ach is é ainm a bheidh ort féin “Bean mo rúin” agus “an Céile” a bheidh ar do dhúiche. Óir lig an Tiarna a rún leat agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.


Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa; fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas.


Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile.


Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géarleanúint ormsa, déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.


Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn? Trioblóid an ea? nó cruatan, nó géarleanúint, nó gorta, nó nochtacht, nó guais, nó an claíomh féin?


Ach an Dia a thugann sólás do na huirísle, thug sé sólás dúinne nuair a tháinig Títeas ar an láthair.


Gach duine arb áil leis maireachtáil go diaganta i gCríost Íosa, déanfar géarleanúint air mar an gcéanna.


Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: “Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí