Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Corantaigh 11:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Nó an é peaca atá déanta agam dea-scéal Dé a fhógairt daoibh saor in aisce agus mé féin a ísliú d'fhonn sibhse a ardú?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Ar pheaca orm é mʼísliú féin le bhur n-ardú, agus soiscéal Dé á sheanmóireacht agam daoibh saor in asice?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Nó ar pheacadh dhom m’ísliú féin chum sibh d’árdú? de chionn gur sheanmóruigheas soiscéal Dé i n‐aisce dhaoibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 A né gur chionntuigh mé tré bheith dom íslíughadh féin chum sibhse dhádughadh, tré bheith dhamh ag soísgéulughadh shoisgéil Dé dhaóibhse a naisge?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Nó an é peaca atá déanta agam dea-scéal Dé a fhógairt daoibh saor in aisce agus mé féin a ísliú dʼfhonn sibh-se a ardú?

Féach an chaibidil Cóip




2 Corantaigh 11:7
14 Tagairtí Cros  

Níor shantaigh mé ór ná airgead ná éadach le duine ar bith.


Tá a fhios agaibh féin gurb iad na lámha seo a choinnigh riar ár gcáis liom féin agus le mo chompánaigh.


Mise Pól, searbhónta Íosa Críost, a bhfuil glaoite air chun bheith ina aspal agus atá dealaithe amach chun dea-scéal Dé.


Má fhaigheann daoine eile an ceart seo uaibh, nach móide go bhfaighmisne uaibh é? Ach níor bhaineamar feidhm riamh as an gceart sin. Ina ionad sin cuirimid suas le gach sort ar eagla go gcuirfimis bac dá laghad ar dhea-scéal Chríost.


An ormsa agus ar Bharnabas amháin atá coiscthe an saothar láimhe a thabhairt suas?


Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.


agus go ndéanfaimid an dea-scéal a fhógairt thar bhur gcríocha amach agus nach mbeimid ag maíomh as an obair atá déanta cheana ag duine eile sa ghort a bhí leagtha amach dó.


Cad é an buntáiste a bhí ag na heaglaisí eile oraibh ach amháin nach raibh mise i mo mhuirín oraibh? Maithigí dom an éagóir sin!


Ar dhul dom go Tróas ag fógairt dea-scéal Chríost, cé go raibh doras ar leathadh ag an Tiarna romham,


Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is d'oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh.


ná níor ghlacamar cothú in aisce ó dhuine ar bith. Is amhlaidh a bhímis ag obair le dua agus saothar, de lá is d'oíche, ar shlí nach mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí