Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Tiomóid 5:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 mar go ndeir an scrioptúr: “Ná cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair” agus “is fiú an fear oibre a thuarastal”.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 mar a deir an scrioptúr, “Ná cuir féastrach leis an damh a mbíonn a chosa ag bualadh an arbhair,” agus, “Is fiú an t-oibrí a thuarastal.”

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Óir is é adeir an scrioptúir, Ní chuirfir féastrach leis an damh, agus é ag satailt ar an adhbhar. Agus is fiú an t‐oibridhe luach a shaothair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Oír a deir an sgriobtúir, Ná cuir ceangal ar bhéul an daimh bhrisios an tarbhar. Agus, As fíu an toibrighe lúach a sháothair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 mar go ndeir an scrioptúr: “Ná cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair” agus “is fiú an fear oibre a thuarastal”.

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 5:18
13 Tagairtí Cros  

Ná déan leatrom ná slad ar do chomharsa. Ná coinnigh tuarastal an fhostaí thar oíche go maidin.


ná tiachóg chun an bhóthair, ná an dá léine, ná cuaráin ná bata; mar tá an fear oibre i dteideal a choda.


Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach.


Agus deir an scrioptúr: “Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.”


Níor shéan Dia an pobal a bhí aitheanta aige ó thus mar a phobal féin. An é nach eol daoibh cad é a deir an scrioptúr sa trácht úd ag Éilias agus clann Iosrael á gcásamh aige le Dia:


mar cad é seo a deir an scrioptúr: “Chreid Abrahám Dia agus áiríodh é sin mar fhíréantacht aige.”


Arís sa scrioptúr deir sé le Forann: “Is chuige seo go díreach a d'ardaigh mé thú chun feidhm a bhaint asat le mo chumhacht a thaispeáint agus m'ainm a fhógairt ar fud an domhain go léir.”


Ar an gcuma chéanna d'achtaigh an Tiarna do lucht fógartha an dea-scéil a mbeatha a bhaint as an dea-scéal.


Chonaic an scrioptúr roimh ré gur de bharr an chreidimh a fhíréanódh Dia na gintlithe agus réamhfhógair an dea-scéal sin d'Abrahám: “Beannófar ionatsa na náisiúin uile.”


“Na cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair.


Nó an dóigh libh gur gan fáth a deir an scrioptúr: “Bíonn sé ag tnúth le héad leis an spiorad a chuir sé a chónaí ionainn?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí