Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Tiomóid 5:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 San am céanna tosaíonn siad ag gabháil timpeall díomhaoin ó theach go teach, agus ní díomhaoin amháin a bhíonn siad ach iad ag suainseán agus ag gobaireacht agus ag caint ar nithe nach cuí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Agus lena chois sin, bíonn siad ag foghlaim falsachta, agus iad ag bothántaíocht, agus iad ní hamháin ina bhfalsóirí ach ina nglagairí cúlchainteacha, ag rá nithe nár choir dóibh a rá.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Thairis sin, ag éirghe díomhaoin dóibh, bíonn siad ag dul ó thigh go tigh; agus ní h‐é díomhaoin amháin, acht bíonn siad cainnteach, fíosruightheach, ag cur síos ar neithibh nach ceart dóibh labhairt ’n‐a dtaobh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus fós ar mbeith dhóibh díomháoin, fóghlumuid síad dul fá gcúairt ó thigh go tígh; agus ni hé amháin bheith díomháoin, achd bíodánach mar an gcéudna agus dá sáthadh féin sna neithibh nach beanann ríu, ag rádh neitheann nach bí ionnráidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 San am céanna tosaíonn siad ag gabháil timpeall díomhaoin ó theach go teach, agus ní díomhaoin amháin a bhíonn siad ach iad ag suainseán agus ag gobaireacht agus ag caint ar nithe nach cuí.

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 5:13
14 Tagairtí Cros  

Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheilt ach coimeádann an duine iontaofa rúin.


Déanann an cardálaí rúin a nochtadh; ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte.


Coimeádann sí súil ghéar ar a teaghlach, ní chaitheann sí bia an díomhaointis.


Báirseach gan iontaoibh í, nach dtéann suaimhneas ar a cosa sa bhaile.


Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna.


Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach.


nár cheil mé oraibh rud ar bith a rachadh chun sochair daoibh ach é a fhógairt agus a theagasc daoibh os comhair an tsaoil agus in bhur dtithe;


Agus tá daoine agaibh féin a éireoidh agus a thabharfaidh teagasc claon d'fhonn deisceabail a mhealladh chucu.


agus bíonn sé le casadh ansin leo go ndeachaigh siad siar ar a gcéad fhocal.


Ní mór iad sin a chur ina dtost, mar go múineann siad nithe nach cuí agus go gcuireann siad teaghlaigh iomlána ó rath ar mhaithe le breis shuarach.


Tagann an bheannacht agus an mhallacht as an mbéal céanna. Níor cheart go mbeadh sin amhlaidh, a bhráithre liom.


Nár lige Dia go bhfulaingeodh aon duine agaibh pionós mar dhúnmharfóir, mar ghadaí, mar choirpeach, nó mar ladhrálaí.


Dá bhrí sin, má thagaimse cuirfidh mé ina luí air céard tá ar siúl aige, é ag béadán orainn le briathra éagóracha. Agus faoi mar nach leor leis sin, ní fháiltíonn sé féin roimh na bráithre, agus coisceann sé an mhuintir a fháiltíonn agus díbríonn as an eaglais iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí