Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 30:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Thugadar blúire de cháca figí dó agus dhá chrobhaing rísíní; d'ith sé an méid sin agus tháinig misneach arís chuige mar ní raibh greim aráin ná deoch uisce caite aige le trí lá agus trí oíche.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus thugadar píosa do cháca fígeadh dhó, agus dhá thríopall rísín: agus anuáir aduáigh sé sin, tháinic a spíorad ann a rís; óir ní dhuáigh sé arán, agus níor ibh uisge, re tri lá agus lé trí hoidhche.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 30:12
9 Tagairtí Cros  

Bíonn a muintir uile ag éamh agus arán á lorg acu; malartaíonn siad a n‑iarmhais ar bhia chun iad féin a neartú arís. “Féach, a Thiarna, agus breathnaigh ar an drochmheas a chaitear orm.


agus dúirt siad: “A dhuine uasail, tá sé tar éis teacht chun ár gcuimhne go ndúirt an mealltóir úd agus é beo: ‘I gcionn trí lá, aiséireoidh mé.’


Ansin chuir an Tiarna scoilt sa log sa talamh ansiúd i Leichí, agus tháinig uisce as. D'ól Samsón, d'fhill a mhisneach air, agus tháinig neart arís ann. Tugadh Éan Hacórae ar an tobar sin dá bharrsan; tá sé ansiúd i Leichí go dtí an lá seo féin.


Ach níor chuala Iónátán a athair ag cur an phobail faoi bhrí an mhionna, agus shín sé barr an bhata a bhí ina ghlaic agus thum sa chíor é agus chuir a lámh chun a bhéil, agus tháinig preab ina shúile.


Fuaireadar Éigipteach sna bánta agus thugadar go Dáiví é. Thugadar arán dó agus d'ith sé é, agus uisce le hól dó.


Ansin chuir Dáiví ceist air: “Cé leis thú?” ar sé, “agus cad as duit?” “Éigipteach óg mé,” ar sé, “daor le hAmailéiceach; d'fhág mo mhaistir ina dhiaidh mé mar gur buaileadh breoite mé trí lá ó shin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí