Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 28:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Mhionnaigh Sól di dar an Tiarna: “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní chuirfear aon mhilleán ort de bharr an ghnó seo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus do mhionnuigh Saul dhi treas an TIGHEARNA, ag rádh, Mar mhairios an TIGHEARNA, ní theigeomhuidh pionús ar bith dhuit ar son na cúisise.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 28:10
10 Tagairtí Cros  

Óir is eol do Dhia an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n‑osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc agaibh.”


Dúirt sí ansin: “Glaodh an rí, lena thoil, ar ainm an Tiarna, a Dhia, d'fhonn nach ndéanfadh an díoltasaí fola a thuilleadh marú agus mo mhac a mhilleadh.” “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní thitfidh ribe de ghruaig do mhic chun na talún.”


Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.


Agus shéan sé arís é le mionn: “Níl aithne agam ar an duine.”


Agus thug sé a mhionn di: “Cibé ní a iarrfaidh tú orm tabharfaidh mé duit é, go dtí leath mo ríochta.”


Dar an Tiarna beo a thugann an bua d'Iosrael, fiú más do Iónátán mo mhac a tharla sé, cuirfear chun báis é, cuirfear sin.” Ach ní raibh fear ar an bpobal ar fad a thabharfadh freagra air.


Agus thug Sól aird ar a ndúirt Iónátán agus thug Sól mionn á rá: “Dar an Tiarna beo, ní mharófar é.”


Ansin dúirt an bhean: “Cé thabharfaidh mé aníos chugat?” “Tabhair Samúéil aníos chugam,” ar sé.


D'fhreagair an bhean é: “Tá a fhios agat, ar ndóigh, cad a rinne Sól, conas mar atá na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha as an tír aige. Cad a ba áil leat, más ea, ag cur gaiste i bhfearas do m'anam leis an mbás a thabhairt orm?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí