Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 21:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Dhéanadh sé é féin a iompar go haisteach ina láthair, agus nuair a leagaidís lámha air ligeadh sé air a bheith ar buile. [Bhuaileadh] sé ar chomhlaí an gheata agus ligeadh prioslaí lena fhéasog síos.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus do áthruigh sé a bhéasa dhá lathairsion, agus do léig air féin bheith ar buíle ann a lámhuibh, agus do scríobadh ar dhoirsibh an geata, agus do léigeadh a sheile tuitim a nuas ar a fhéasoig.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 21:13
7 Tagairtí Cros  

Is gaiste é eagla roimh dhaoine, ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna.


Óir déanann ansmacht amadán den eagnaí agus truaillíonn breab an croí.


Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?


“Nuair a bhíonn cneá ar cheann nó ar smig fir nó mná,


Nuair a chuala Sól agus Iosrael go léir na focail sin ón bhFilistíneach thit an lug ar an lag acu agus tháinig scéin orthu.


Dúirt Áicís lena shearbhóntaí: “Féach, tá an fear seo as a mheabhair! Cén fáth ar thug sibh chugamsa é?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí