Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 19:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Chuaigh sé féin go Rámá ansin, agus tháinig sé go tobar [an urláir bhuailte ar an gcnocán maol] agus d'fhiafraigh: “Cá bhfuil Samúéil agus Dáiví?” D'fhreagair duine éigin: “Féach, tá siad sna botháin i Rámá.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Ann sin do chúaidh sé féin mar an gcéadna go Rámah, agus tháinic sé go tobar mór atá a Sechu: agus dfíafruigh sé, agus a dubhairt, Cá háit a bhfuilid Samuel agus Dáibhi? Agus a dubhairt áon, Feach, atáid a Naiot a Rámah.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 19:22
3 Tagairtí Cros  

Theith Dáiví agus d'éalaigh leis agus chuaigh go Samúéil i Rámá agus d'inis sé dó gach a ndearna Sól air. D'imigh sé féin agus Samúéil ansin agus chuireadar fúthu sna botháin.


Nuair a fuair Sól an scéala sin chuir sé giollaí eile uaidh, ach rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith. Ansin chuir Sól giollaí eile fós den tríú huair, ach rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith.


D'imigh sé leis ón áit sin go dtí na botháin i Rámá agus tháinig spiorad Dé airsean chomh maith agus, ar an mbealach do, bhí sé ag fáidheoireacht nó gur shroich sé na botháin i Rámá.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí