Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 18:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Dúirt giollaí Shóil na nithe sin go léir i gcogar le Dáiví; agus d'fhreagair Dáiví: “An dóigh libh go bhfuil sé breá bog agamsa a bheith i mo chliamhain ag an rí agus mé gan mhaoin gan cháil.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus do labhradar searbhfhoghantuighe Shauil na bríathrasin a ccluasaibh Dháibhi. Agus a dubhairt Dáibhi, An saóiltíse gur ní súarrach bheith a gcleamhnus rígh, do bhrigh nach bhfuilimsi achd am dhuine bhochd, agus fa mheas éattrom?

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 18:23
12 Tagairtí Cros  

Rinne Iacób seirbhís ar feadh seacht mbliana ar son Ráchael, ach ba gheall le cúpla lá an aimsir sin dar leis le barr a ghrá do Ráchael.


Iarraigí oiread mar spré agus coibhche orm agus is áil libh; tabharfaidh mé daoibh cibé rud a iarrfaidh sibh; ach ligigí dom an cailín óg a phósadh.”


Is beag is fiú mé féin, agus is suarach; ní dhearmadaim do phroiceapta.


Is fuath fiú lena chomharsa féin an bochtán; ach bíonn fuílleach cairde ag an saibhir.


An té a thugann bladar dá chomharsa, leathann sé líon faoina chosa.


Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.


D'fhreagair Dáiví Sól á rá: “Cé hé mise, agus cé hiad mo mhuintir, agus teaghlach m'athar in Iosrael a rá go mbeinn i mo chliamhain ag an rí?”


Thug Sól ordú dá ghiollaí mar leanas dá bhrí sin: “Labhraigí le Dáiví os íseal agus abraigí: ‘Féach, tugann an rí gean duit agus tá cion ag a shearbhóntaí go léir ort; bí i do chliamhain ag an rí más ea.’ ”


Ansin dúirt giollaí Shóil leis siúd: “A leithéid seo a dúirt Dáiví.”


D'fhreagair Sól: “Nach Biniáimineach mé, duine den treibh is suaraí in Iosrael? Agus nach é m'fhinese an fine is suaraí de threibh Bhiniáimin uile? Cad ab áil leat á rá sin liom?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí