Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 18:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Dhíbir Sól óna láthair é dá réir sin agus rinne sé taoiseach míle de. Ghabhadh sé isteach agus amach ar cheann an tslua.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Ar a nadhbharsin do áthruigh Saul uadha é, agus do rinne sé a chaiptín ós cionn mhíle dhe; agus do téigheadh sé amach agus do thigeadh sé asteach roimhe an bpobal.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 18:13
7 Tagairtí Cros  

San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna leat: ‘Is tusa a bheidh i d'aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.’ ”


Coimeádfaidh an Tiarna thú ag imeacht is ag teacht duit, anois agus choíche.


D'fhreagair Sól: “Abraigí le Dáiví: ‘Níl de spré ón rí ach céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach mar dhíoltas ar naimhde an rí.’ ” Bhí Sól á bheartú go dtitfeadh Dáiví le láimh an bhFilistíneach.


“A fheara Bhiniáimin, éistigí liom,” arsa Sól lena oifigigh a bhí ina seasamh ina thimpeall; “an dtabharfaidh mac Ieise páirceanna agus fíonghoirt daoibh go léir, agus an ndéanfaidh sé ceannairí míle, agus ceannairí céad díbh go léir,


Ceapfaidh sé taoisigh míle, agus taoisigh leathchéad, agus cuirfidh sé cuid díobh a threabhadh a chuid gort agus a bhaint a fhómhair, a dhéanamh a threalamh cogaidh agus trealamh a charbad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí