Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 17:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 Dúirt Dáiví le Sól: “Bhíodh do shearbhónta i bhfeighil a chaorach dá athair, agus nuair a thagadh leon nó beithir agus uan a sciobadh ón tréad

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Agus a dubhairt Dáibhi re Saul, Do bhí do sherbhíseach a mbun chaorach a athar, agus tháinic leomhan, agus mathghamhuin, agus rugadar úan as an ttréud:

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 17:34
18 Tagairtí Cros  

Aon chuid de do thréad a ndearna ainmhithe allta ablach díobh, níor thug mé ar ais chugat iad ach a bheith thíos leo mé féin. D'éiligh tú orm iad cibé acu sa lá nó san oíche a rinneadh an slad.


Lean Húisí air: “Tá a fhios agaibh gur gaiscígh iad d'athair agus a chuid fear agus go bhfuil fraoch feirge orthu faoi mar a bheadh ar bheithir fáin a sciobfaí a hál uaithi. Tá taithí ag d'athair ar chogaíocht, seachas sin; ní chaithfidh sé an oíche leis an arm.


Banáiá mac Iahóideá, laoch ó Chabzael, fear déanta mórghníomh, threascair sé dhá churadh Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.


Banáiá mac Iahóiádá, laoch ó Chabzael, fear déanta móréachtaí, threascair sé dhá churadh ó Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.


Is cuimhin liom na laethanta fadó; déanaim machnamh ar d'oibreacha go léir. Bím ag smaoineamh ar shaothar do lámh


Dála mar a bhíonn cúram na gcaorach ar an tréadaí a fhanann i lár an tréada scaipthe ar fán, coinneoidh mise súil ar mo chaoirigh. Déanfaidh mé iad a fhuascailt ó cibé áit ina ndeachaigh siad ar seachrán sa cheo agus sa dorchadas.


Mar seo a deir an Tiarna: Mar a sciobann an t‑aoire ó bhéal an leoin dhá chois nó leadhb de chluais, is mar sin a fhuasclófar clann Iosrael a chónaíonn sa tSamáir, agus gan ach cnaiste leapa nó trasnán de chathaoir thoilg slánaithe acu.


Mar is amhlaidh atáim chun aoire a cheapadh sa tír; ní bheidh sé buartha faoina mbeidh i mbaol a gcaillte; ní chuardóidh sé a mbeidh ag dul ar seachrán; ní leigheasfaidh sé a mbeidh gonta agus ní chothóidh sé a mbeidh slán folláin go fóill. Ach íosfaidh sé feoil na mbeithíoch biata agus bainfidh sé spólaí díobh.


Sracfaidh mé óna bhéal an fheoil a bhfuil an fhuil inti fós, agus sciobfaidh mé a ofrálacha gráinniúla ó idir a fhiacla. Lena chois sin déanfar iarmhar dár nDia de, agus beidh sé ina chlann in Iúdá; agus beidh Eacrón cosúil le Iabúsach.


Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir, ag faireacháin oíche i mbun a dtréada.


Mise an sáraoire, Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach.


agus diongbháilteacht ón bhfoighne agus dóchas ón diongbháilteacht.


Trí chreideamh chuir siad ríochtaí faoi smacht, shaothraigh siad an fhíréantacht, fuair siad a raibh geallta dóibh, dhún siad béil leon,


Agus an beithíoch a chonaic mé ba chuma é nó liopard agus a chosa mar chosa beithre, agus a bhéal mar bhéal leoin; agus thug an dragan dó a neart agus a ríchathaoir agus a mhórchumhacht.


Tháinig spiorad an Tiarna go tréan air agus stoll sé an leon ó chéile mar a dhéanfadh duine le meannán; ach níor inis sé dá athair ná dá mháthair céard a rinne sé.


(Bhíodh Dáiví ar a sheal ag déanamh seirbhíse do Shól agus ag aoireacht caoirigh a athar i mBeithil.


Dúirt Sól le Dáiví: “Ní féidir duitse dul chun troda i gcoinne an Fhilistínigh seo; níl ionat ach ógánach, agus is laoch gaile eisean óna óige.”


théinn sa tóir air, bhuailinn chun láir é, agus bhaininn as a bhéal é; dá dtabharfadh sé aghaidh orm, bhéarfainn ar mheigeall air agus bhuailfinn chun láir é agus mharóinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí