Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 15:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 agus sheol an Tiarna ar mhisean thú á rá: ‘Imigh agus leag na peacaigh úd, na hAmáiléicigh, faoin mbang agus troid ina n‑aghaidh nó go scriosfar iad.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus do chuir an TIGHEARNA thusa a tturus, agus a dubhairt, Eirigh agus scrios thríd amach na peacaidh na Hamalecitigh, agus troid riú nó go scriostar íad.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 15:18
9 Tagairtí Cros  

Drochdhaoine a ba ea muintir Shodom agus peacaigh mhóra in aghaidh an Tiarna.


Ansin d'fhilleadar agus thángadar go Tobar an Bhreithiúnais (Cáidéis, is é sin), agus leagadar lámh ar chríocha uile na nAmáiléiceach agus ar na hAmóraigh a chónaigh i Hazazon Támár.


Fillfidh siad ar ais anseo sa cheathrú glúin, mar níl urchóid na nAmórach iomlán fós.”


Nach tubaiste ar an gcoirpeach? Agus mí-adh ar lucht na hurchóide?


Dún daingean é an Tiarna d'fhear na beatha fíréanta, níl ann ach scrios do lucht an oilc a dhéanamh.


Bíonn an mí-ádh sa tóir ar an bpeacach, ach bíonn an rath mar luach saothair ag an bhfíréan.


óir tá túiseoirí seo na bpeacach coisricthe in éiric a n‑anamacha. Ós rud é gur ofráladar os comhair an Tiarna iad agus gur coisriceadh iad, déantar an miotal iontu a bhualadh amach ina bhileoga mar chumhdach don altóir. Beidh siad ansin ina sampla do chlann Iosrael.”


Is Giúdaigh ó dhúchas sinne agus ní aon pheacaigh de shliocht gintlí atá ionainn.


Téigh anois agus buail Amáiléic agus cuir é féin agus a bhfuil aige faoin mbang. Ná tabhair anacal dó, ach scrios é idir fhear agus bhean, leanbh agus bhunóc, dhamh agus chaora, chamall agus asal.’ ”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí