Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 12:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Ach in ionad géilleadh do ghlór an Tiarna, má dhéanann sibh ceannairc in aghaidh a aithne, beidh a lámh in bhur n‑aghaidh agus in aghaidh bhur [rí].

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Acht muna numhluidhigh sibh do ghuth an TIGHEARNA, ach cathughadh a naghaidh aitheanta an TIGHEARNA, ann sin biáidh lamh an TIGHEARNA bhur naghaidh, mar do bhí a naghaidh bhur naithreadh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 12:15
12 Tagairtí Cros  

agus ghabh sé amach i gcoinne Ásá agus dúirt leis: “Éist linn, a Ásá, a Iúdá agus a Bhiniáimin go léir. Tá an Tiarna in éineacht libh fad tá sibhse in éineacht leis. Má lorgann sibh é, gheobhaidh sibh é, ach má thréigeann sibh é, tréigfidh sé sibh.


ach má leanann sibh sa stailc agus sa cheannairc, is é béal an chlaímh a íosfaidh sibhse.” Tá béal an Tiarna tar éis labhairt.


Is mairg don ainbheartach, tá an t‑olc anuas air, caithfear leis de réir saothar a lámh.”


Is cothrom cóir é an Tiarna; ach bhí mise easumhal dá ordú; éistigí, mar sin, a chiníocha uile, agus breathnaígí ar m'ainnise; tá mo mhaighdeana agus m'ógánaigh imithe uaim i mbraighdeanas.


óir is eol dom a cheannaircí agus a cheanndáine atá tú. Má thugann sibh dúshlán an Tiarna inniu féin agus mé beo fós in bhur measc, nach mó ná sin go mór a thabharfaidh sibh a dhúshlán tar éis mo bháis!


Má thréigeann sibh an Tiarna chun fónamh do dhéithe coimhthíocha, iompóidh seisean oraibh agus déanfaidh sé dochar daoibh agus díothóidh sé sibh tar éis a ndearna sé de mhaith daoibh.”


Cibé uair a ghluaisidís chun catha bhíodh an Tiarna ina n‑aghaidh á gclipeadh de réir mar a bhí geallta aige dóibh agus de réir mar a mhionnaigh sé dóibh, ionas go rabhadar faoi shrathair na hainnise.


Ansin rinneadar dearmad ar an Tiarna, a nDia, agus reic seisean iad isteach i lámha Shíseará, taoiseach airm Házór. Agus chomh maith i lámha na bhFilistíneach agus rí Mhóáb a bhí ag troid ina n‑aghaidh.


Ach nuair a bhí sí tugtha ansiúd, luigh lámh an Tiarna go trom ar an gcathair sin agus tháinig scéin agus sceimhle ar na daoine; bhuail neascóidí muintir na cathrach, idir óg agus aosta, mar go raibh an Tiarna á gciapadh mar sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí