Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Peadar 2:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Óir is é a thuilleann gnaoi, má iompraíonn duine pianta ag fulaingt go héagórach ach Dia os comhair a aigne aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Mar is maith an mhaise é don té sin a ghlacas go foighneach le pianta a chuirtear air go héagórach ar ghrá Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Óir is maith an nidh é, má fhoidhnigheann duine le doghrainn ar son Dé, ag fulang san éagcóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Oír is ní so is fíu buidheachas, dá niomchruidh neach doilgheas ar son coinnsiáis chum Dé, ag fulang na héugcóra.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Óir is é a thuilleann gnaoi, má iompraíonn duine pianta ag fulaingt go héagórach ach Dia os comhair a aigne aige.

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 2:19
18 Tagairtí Cros  

Is maith is eol dom bhur smaointe Agus na bearta atá á dtaibhreamh daoibh i m'aghaidh,


Is fíor iad do phroiceapta uile - fóir orm; déantar mo chrá gan chúis.


An dream atá ina naimhde gan chúis dom, nár dhéana siad gairdeas umam. Agus an dream a thugann fuath dom gan fáth, nár chaocha siad a súile orm.


Admhaím mo chion is mo pheaca; is buartha go fíor mé dá dheasca.


D'éirigh mé cortha de bheith ag glaoch; tá mo scornach tirim. Tá radharc mo shúl ag meath orm agus mé ag feitheamh le mo Dhia.


Má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Óir tugann na peacaigh féin grá dóibh seo a thugann grá dóibh.


Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh, ar son m'ainmse, mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.


Nuair a shroich sé an áit agus nuair a chonaic sé grásta Dé ann, bhí áthas air, agus chomhairligh sé dóibh go léir cloí leis an Tiarna go daingean diongbháilte.


Ar an ábhar sin is éigean géilleadh don údarás agus ní le heagla na díbheirge amháin é ach ar mhaithe leis an gcoinsias chomh maith.


Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom.


Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.


Ba mhaith liom fios a thabhairt anois daoibh, a bhráithre, ar an ngrásta atá bronnta ag Dia ar eaglaisí na Macadóine.


Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.


Dá mb'fhéidir leis, nach n‑éireofaí ar fad as na híobairtí seo a ofráil? Óir, dá mba gur glanadh an lucht adhartha óna gcuid peacaí go léir an t‑aon uair amháin ní bheadh buaireamh coinsiasa orthu feasta mar gheall orthu.


Cén chreidiúint é má dhéanann sibh rud as an tslí agus go n‑iompraíonn sibh bhur bpionós le foighne? Ach má dhéanann sibh an mhaith agus go bhfulaingíonn sibh dá bharr le foighne, tuilleann sin gnaoi Dé.


Nár lige Dia go bhfulaingeodh aon duine agaibh pionós mar dhúnmharfóir, mar ghadaí, mar choirpeach, nó mar ladhrálaí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí