Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Corantaigh 9:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Seo é mo fhreagra orthu siúd a bhíonn ag beachtaíocht orm:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Sin a bhfuil le rá agam leis an dream a chuirfeadh féachaint orm.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Is é seo m’fhreagra ortha‐san atá ’gam’ cheistniú:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 A sí so mo fhreagra don druing chuirfeas ceisd oram,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Seo é mo fhreagra orthu siúd a bhíonn ag beachtaíocht orm:

Féach an chaibidil Cóip




1 Corantaigh 9:3
14 Tagairtí Cros  

Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh;


“A bhráithre agus a aithreacha, éistigí lena bhfuil le rá agam chun mo chosanta.”


Dúirt mé leo nach é béas na Rómhánach é aon chúisí a thabhairt suas sula ndéanfaí a chúiseoirí a thabhairt os a chomhair agus caoi a bheith aige é féin a chosaint ar an gcúiseamh.


Más dóigh le haon duine gur fáidh nó duine spioradálta é féin, tuigeadh sé gur aithne ón Tiarna na nithe atá á scríobh agam.


Fiú mura bhfuil meas aspail ag daoine eile orm, is dearbh gurb aspal daoibhse mé mar gur sibhse an séala ar mo mhisean sa Tiarna.


Nach bhfuil ceart ite agus óil againn?


Is é fáth a bhfuilim á scríobh seo chugaibh agus mé i bhfad uaibh, i dtreo nuair a thiocfaidh mé ar an láthair nach gá dom an déine a oibriú oraibh de réir an údaráis a bhronn an Tiarna orm, údarás chun sibh a thógáil in áit sibh a leagan ar lár.


ós rud é go bhfuil cruthúnas uaibh gurb é Críost atá ag labhairt ionamsa. Níl aon laige ann siúd ina chuid plé libhse ach é go cumasach in bhur measc.


Déanaigí sibh féin a thriail agus a thástáil féachaint an bhfuil sibh ag leanúint den chreideamh. Nó an é nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost ionaibh - rud atá mura bhfuil cliste oraibh?


Ach an dream atá ag fógairt Chríost le teann mioscaise, ní le hintinn ghlan atá siad á dhéanamh ach d'fhonn anacair a tharraingt ormsa agus mé i ngéibheann.


Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhreacha nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil.


Ag plé mo chúise dom don chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí