Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Corantaigh 5:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 I dtaca liom féin de, cé go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, tá mo spiorad ansiúd faraibh agus, chomh maith agus dá mbeinn in bhur láthair, tá mo bhreith tugtha cheana féin agam ar an té a rinne an gníomh sin,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Siúd is go bhfuilim as láthair ó chorp táim i láthair ó sprid, agus mar a bheinn i láthair, tá breithiúnas tugtha agam cheana

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Im’ thaobh‐sa, nach bhfuil i láthair i bpearsain, acht atá i láthair i spiorad, atá breitheamhnas tabhartha agam cheana,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Oír go deimhin, do bhreathnuigh misi cheana, mar neach nách bhfuil a láthair a bpearsuinn, achd atá a lathair a sbioraid, amhuil mar do bhéinn a láthair, an tí do rinne mar so an gníomhsa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 I dtaca liom féin de, cé go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, tá mo spiorad ansiúd faraibh agus, chomh maith agus dá mbeinn in bhur láthair, tá mo bhreith tugtha cheana féin agam ar an té a rinne an gníomh sin,

Féach an chaibidil Cóip




1 Corantaigh 5:3
6 Tagairtí Cros  

Cad ab áil liomsa breith a thabhairt ar an muintir atá lasmuigh? Tabharfaidh Dia féin breith orthu siúd.


Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.


Tuigeadh a leithéid sin ina aigne go mbíonn ár mbeart ar an láthair ag cur leis an mbriathar a scríobhtar i bhfad uaibh.


Thug mé foláireamh cheana dóibh sin a rinne peaca roimh ré agus don chuid eile go léir; agus tugaim foláireamh dóibh anois agus mé as láthair, faoi mar a rinne agus mé i láthair don dara huair, nach ndéanfaidh mé trua ar bith daoibh má thagaim arís -


Mar, más ea féin go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, táim faraibh sa spiorad, agus is cúis áthais dom sibh a fheiceáil in ord agus in eagar, agus a dhaingne atá bhur gcreideamh i gCríost.


Maidir linn féin, a bhráithre, ní rabhamar scartha libh ach tamall beag aimsire - as raon ár súl a bhí sibh ach ní as raon ar gcroí - nuair a tháinig dúil rómhór orainn bhur ngnúis a fheiceáil arís.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí