Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Corantaigh 4:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 mar siúd is go bhfuil coinsias glan agam ní fhágann sin neamhchiontach mé. Is é an Tiarna féin a thugann breith ormsa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Ní airím go bhfuil aon ní ar mo choinsias, ach ní ionann sin agus saorbhreith. Is é an Tiarna a thugas breith orm.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Óir ní fios dom éinnidh im’ choinnibh féin; acht ní fhíréanuigheann sin mé: óir is é an Tighearna bheireas breitheamhnas orm.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Oír ní feasach dhamh ní ar bith dhom tháobh féin; gidheadh ní sháorann sin mé: achd a sé an Tighearna an tí is breitheamh oram.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 mar siúd is go bhfuil coinsias glan agam ní fhágann sin neamh-chiontach mé. Is é an Tiarna féin a thugann breith orm-sa.

Féach an chaibidil Cóip




1 Corantaigh 4:4
24 Tagairtí Cros  

Céard é an duine go mbeadh sé íon? Agus gin na mná go mbeadh sé fíréanta?


Arbh fhéidir d'aon duine a bheith fíréanta i láthair Dé? Arbh fhéidir don té a gineadh ó bhean a bheith ionraic?


Seasaim ar fhód m'fhíréantachta, agus ní bhogfaidh mé. Níl ábhar gearáin ag mo choinsias orm de bharr mo shaoil.


Féach! Is beag le rá mise; cén freagra a thabharfaidh mé ortsa? Is fearr dom mo lámh a leagan ar mo bhéal, dá bhrí sin.


Cé go mbeinn sa chóir, dhaorfaí as mo bhéal féin mé; Dá mbeinn gan choir, d'áiteodh sé coir orm.


Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna, a Thiarna, cé rachaidh slán?


Ná glaoigh ar do ghiolla chun breithiúnais; óir níl aon neach fíréanta i d'fhianaise.


Múineann siad eolas do do ghiolla; is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.


Tá mo chosa ina seasamh ar an réidh; molfaidh mé an Tiarna sna tionóil.


Foilsíonn na flaithis a fhíréantacht óir is é Dia é féin is breitheamh.


D'fhéadfadh iompar duine bheith ceart ina shúile féin, ach meánn an Tiarna an croí.


Is iomaí duine a bhíonn ag lútáil le rialtóir, ach is ón Tiarna a fhaigheann gach duine a cheart.


Dúirt sé leis an tríú huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: “An bhfuil grá agat dom?” Agus dúirt sé leis: “A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mo chaoirigh a chothú.”


Labhair Pól leis an tsainidrín agus é ag cur na súl tríothu: “A bhráithre,” ar seisean, “níl scrupall dá laghad ar mo choinsias faoin gcuma inar iompair mé mé féin i bhfianaise Dé go dtí an lá atá inniu ann.”


Mar ní hiad na daoine a chloiseann an dlí atá fíréanta i bhfianaise Dé; ach lucht an dlí a choimeád a fhíréanófar.


Más mar gheall ar a ghníomhartha a fíréanaíodh Abrahám, tá cúis mhórála aige, ach ní i bhfianaise Dé é,


Is róchuma liomsa, más ea, sibhse nó cúirt daoine ar bith a thabhairt breithe orm. Go deimhin ní thugaim féin breith orm féin


Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.


Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.


Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí