Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Corantaigh 10:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ní háil liom nach mbeadh a fhios agaibh, a bhráithre, go raibh ár sinsir uile faoi scáth an scamaill agus go ndeachaigh siad uile tríd an muir,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Ba mhaith liom a fhios a bheith agaibh, a bhráithre, go raibh ár sinsir uile faoi scáth an néil, agus go ndeachaigh siad uile tríd an bhfarraige,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 A bhráithre, níorbh áil liom nach mbéadh a fhios agaibh go raibh ár sinnsir go léir fá’n scamall, agus gur imthigheadar uile tríd an muir,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Tuilleadh eile fós, a dhearbhraithreacha, ní háill leam bheith dhíbh ainbhfeasach, go rabhadar ar naithre uile fáoi an néul, agus go ndeachadar uile thríd a nfairrge:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ní háil liom nach mbeadh a fhios agaibh, a bhráithre, go raibh ár sinsir uile faoi scáth an scamaill agus go ndeachaigh siad uile tríd an muir,

Féach an chaibidil Cóip




1 Corantaigh 10:1
29 Tagairtí Cros  

Le barr trócaire ní dhearna tú iad a thréigean san fhásach; An colún néil a threoraigh iad sa lá Níor fhág sé iad, Ná an colún tine san oíche, Leis an mbealach a bhí rompu a shoilsiú dóibh.


Leath sé néal ina dtimpeall á gclúdach, agus tine a thug solas dóibh san oíche.


Rinne sé talamh tirim den mhuir ionas go ndeachaigh siad de chosa tríd an abhainn; déanaimis gairdeas ann, dá bhrí sin.


Sheol sé slan iad gan eagla gur bádh a naimhde san fharraige.


Ach shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.


Chlúdaigh an néal Both na Teagmhála, agus líon glóir an Tiarna an taibearnaca.


Tá sin ráite cheana féin acu le muintir na tíre seo. Tá a fhios acu cheana féin go bhfuil tusa, a Thiarna, i lár an phobail seo, agus go dtaispeánann tú thú féin dóibh gnúis le gnúis; gurb é do néalsa, a Thiarna, a stadann os a gcionn, agus go dtéann tú rompu mar cholún néil sa lá agus mar cholún tine san oíche.


Chuireadar chun bealaigh ó Phí Haichíorót agus ghabhadar thar farraige isteach san fhásach; tar éis aistear trí lá a dhéanamh i bhfásach Éatám, shuíodar a gcampa i Márá.


Ar an gcnoc seo a rinne ár n‑aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.”


Ní áil liom, a bhráithre, gan a fhios a bheith agaibh gur minic a chuir mé romham dul ar cuairt chugaibh le súil go mbainfinn fómhar in bhur meascsa chomh maith, mar a bhain mé i measc na ngintlithe eile, ach gur cuireadh bac orm go dtí seo.


Más rud é nár lig Dia leis na craobhacha dúchais ní ligfidh sé leatsa ach oiread.


mar is amhlaidh a fuair sé comhartha an timpeallghearrtha mar shéala ar an bhfíréantacht a bhí aige de bharr a chreidimh sular timpeallghearradh é. Is sinsear é, mar sin, do na daoine neamhthimpeallghearrtha go léir a bhfuil creideamh acu agus ag a n‑áirítear an fhíréantacht dá bharr;


Maidir le tíolacthaí an Spioraid, níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh aon aineolas oraibh ina dtaobh.


Má bhíonn duine ainbhiosach, beifear ainbhiosach air.


Agus más le Críost sibh, is síol Abrahám sibh chomh maith agus tá sibh in bhur n‑oidhrí aige de réir mar a bhí geallta.


an té sin a ghabh romhaibh ar an tslí le háit champála a fháil daoibh, agus é sa tine san oíche ag soilsiú an chosáin daoibh, agus sa néal sa lá.


Trí chreideamh chuaigh clann Iosrael trasna na Mara Rua faoi mar ba thalamh tirim í, ach nuair a thug na hÉigiptigh faoi bádh iad.


i dtreo go mbeadh a fhios ag muintir an domhain uile a thréine atá lámh an Tiarna, agus go mbeadh urraim agaibh féin go deo don Tiarna bhur nDia.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí