Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Corantaigh 1:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Sea, bhaist mé teaghlach Stiofáin chomh maith ach thairis sin ní eol dom gur bhaist mé duine ar bith eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 (Is é rud, bhaist mé teaghlach Stefános lena chois sin. Níor bhaist mé aon duine thairis sin go bhfios dom.)

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Do bhaisteas muinntear Steafáin, leis; thairis sin ní dóigh liom gur bhaisteas duine eile ar bith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Gidheadh fós do bhaisd mé muinntir Steapháin: ós a chionn sin, ní feasach dhamh gur bhaisd mé áoinneach eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Is ea, bhaist mé teaghlach Stiofáin chomh maith ach thairis sin ní heol dom gur bhaist mé duine ar bith eile.

Féach an chaibidil Cóip




1 Corantaigh 1:16
6 Tagairtí Cros  

agus labhróidh sé sin na briathra leat ina bhfaighidh tú féin agus do theaghlach uile slánú.’


Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, á rá: “Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.” Agus chuir sí d'fhiacha orainn dul isteach.


Dá fhad amach san oíche a bhí sé, thug sé leis iad agus nigh a gcréachtaí; agus baisteadh é féin agus a líon tí go léir ar an bpointe.


Ní bheidh sé le rá ag aon duine, mar sin, gurb i m'ainmse a baisteadh sibh.


Tá achainí agam oraibh, a bhráithre. Mar is eol daoibh, is é teaghlach Stiofáin céadtorthaí Acháia agus tá a ndúthracht caite acu ag fónamh do na naoimh.


Tá áthas orm Stiofán agus Fortúnátas agus Acháiacas a bheith tagtha anseo. In bhur n‑éagmais-se ba mhór an sásamh dom iad a theacht,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí