Séamas 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Ná bíodh mórchuid díbh ’n‐bhur lucht teagaisc, a bhráithre, agus a fhios agaibh gur troime‐de an breitheamhnas gheobhaimíd d’á bhárr. 2 Óir is iomdha tuisleadh do‐gheibh gach duine againn. Má tá aoinneach nach dtuisligheann i mbriathraibh béil, duine lán‐fhoirbhthe is eadh é, duine go bhfuil ar chumas dó srian do chur le n‐a cholainn ar fad. 3 Má chuirimíd srianta isteach i mbéal na gcapall, chum go ngéillidís dúinn, tionntuighmíd a gcorp uile thart, chómh maith. 4 Mar an gcéadna do na longaibh, agus iad chómh mór sin, d’á dtiomáint rómpa ag gaothaibh garbha, tiontuightear iad le stiúir an‐bhigh, do réir tola an stiúrthóra. 5 Is amhlaidh do’n teangain, ball an‐bheag is eadh í, agus bíonn eachtraí móra d’á maoidheamh aici. Féach an méid connaidh faduightear le teinidh bhig. 6 Agus is teine an teanga: domhan na h‐éagcóra atá suidhte i measc ár mball is eadh an teanga, ag salú an chuirp ar fad, agus ag cur cúrsa ár saoghail tré theinidh, agus í d’á lasadh féin ó ifreann. 7 Óir gach cineál ainmhidhe agus éin, feithidí snámhghaile agus feithidí mara, ceannsuightear iad, agus do‐rinneadh ceannsa iad leis an nádúir dhaonna: 8 acht sáruigheann sé ar an duine an teanga do cheannsú; is adhbhar urchóide gan smacht í, 9 lán de nimh mharbhthaigh. Is léi‐se bheannuighmíd an Tighearna, ár nAthair: agus is léi mhalluighmíd daoine atá déanta i gcosamhlacht Dé: 10 tagann beannú agus mallú amach as béal amháin. A bhráithre, ní fhuil sé ceart sin do bheith amhlaidh. 11 An ndéanann tobar fíor‐uisce agus uisce searbh do scardadh amach as aon fhoscailt amháin? 12 An bhféadann crann fige, a bhráithre, caora crainn ola do thabhairt, nó crann fineamhna figí do thabhairt? Ní fhéadann, agus ní mó fhéadas uisce guirt fíor‐uisce do thabhairt. 13 Cia h‐é an duine agaibh atá eagnaidhe, tuigseanach? Taisbeánadh sé a ghníomhartha le n‐a dheagh‐iomchar saoghalta, le caoin‐spiorad na h‐eagna. 14 Acht má bhíonn searbh‐éada agus mian aighnis ’n‐bhur gcroidhe, ná bidhidh ag maoidheamh as, agus ná bidhidh ag labhairt bréige i n‐aghaidh na fírinne. 15 Ní h‐í seo an eagnaidheacht thig anuas, acht atá sí talmhaidhe, colnaidhe, deamhnaidhe. 16 Óir san áit ’n‐a bhfuil éada agus aighneas is ann bhíos achrann agus gach droch‐ghníomh. 17 Acht an eagnaidheacht atá ó neamh anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síothchánta, leis sin, ceannsa, so‐chómhairleach, gan cealg, gan fimíneacht. 18 Agus is iad lucht déanta na síothchána chuireas go síothchánta an síol as a dtig an fhíréantacht. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society