Gníomhartha 12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Fá’n am céadna sin do chuir Ioruath rí a lámha amach chum foirneart d’imirt ar chuid de mhuinntir na h‐eaglaise. 2 Agus do mharbh sé Séamas dearbhráthair Eoin le claidheamh. 3 Agus ar n‐a fheicsin dó gur thaithnigh sin leis na h‐Iúdachaibh, do chinn sé ar Pheadar do ghabháil, leis. Agus laethe an aráin gan laibhín do bhí ann. 4 Agus nuair do bhí sé gabhtha aige, do chuir sé i bpríosún é, agus do chuir sé fá chúram gárda seisir saighdiúir déag é; agus é de rún aige a thabhairt amach i bhfiadhnaise an phobail i ndiaidh na Cásca. 5 Do congbhuigheadh Peadar mar sin san bpríosún: acht do bhí urnaighe d’á dhéanamh go dúthrachtach ar a shon ag an eaglais. 6 Agus nuair do bhí Ioruath ar tí é do thabhairt amach, an oidhche chéadna sin bhí Peadar ’n‐a chodladh idir bheirt saighdiúir, é ceangailte le dhá shlabhradh: agus bhí gárdaí taobh amuigh de’n doras ag coimhéad an phríosúin. 7 Agus féach aingeal an Tighearna ’n‐a sheasamh ’n‐a aice, agus do dheallruigh solas san charcair: agus do bhuail sé Peadar san gcliathán, gur dhúisigh sé é, g‐á rádh, Éirigh id’ sheasamh de láthair. Agus do thuit na slabhraidhe d’á lámhaibh. 8 Agus adubhairt an t‐aingeal leis, Cuir umat do chrios, agus cuir ort do bhróga. Agus do‐rinne sé é. Agus adubhairt sé leis, Cuir umat do bhrat agus lean mise. 9 Agus d’imthigh sé amach, g‐á leanamhain; agus ní raibh a fhios aige arbh fhíor a raibh d’á dhéanamh ag an aingeal, acht do cheap sé gurbh aisling do bhí d’á fheicsin aige. 10 Agus nuair do chuadar thar an gcéad ghárda agus thar an dara gárda, tháinig siad go dtí an geata iarainn sheolas chum na cathrach; d’fhoscail sé dhóibh uaidh féin: agus do chuadar amach, agus do shiubhladar rómpa sráid amháin; agus d’imthigh an t‐aingeal uaidh go h‐obann. 11 Agus nuair tháinig Peadar chuige féin, adubhairt sé, Is léir dhom go cinnte, gur chuir an Tighearna a aingeal uaidh, agus gur shaor sé ó láimh Ioruaith mé, agus ó n‐a bhfuil beartuighthe ag an bpobal Iúdach. 12 Agus, san machtnamh dhó, tháinig sé go tigh Mháire máthair Eoin dárbh chómhainm Marcus; mar a raibh mórán daoine cruinnighthe le chéile ag urnaighe. 13 Agus nuair do bhuail sé cómhla an gheata, tháinig cailín darbh ainm Róda amach g‐á fhreagairt. 14 Agus d’aithin sí guth Pheadair, acht le méid an áthais do bhí uirthi níor fhoscail sí an geata, acht do rith sí isteach, agus d’innis sí go raibh Peadar ’n‐a sheasamh ós cómhair an gheata. 15 Agus adubhradar‐san léi, Ar míchéill atáir. Acht do lean sise g‐á rádh gurbh fhíor é. Agus adubhradar‐san, Is é a aingeal atá ann. 16 Acht do lean Peadar ag bualadh: agus nuair d’fhoscladar, do chonnacadar é, agus bhí uathbhás ortha. 17 Acht do bhagair sé le n‐a láimh ortha bheith ’n‐a dtost, agus d’innis sé dhóibh cionnas thug an Tighearna amach as an bpríosún é. Agus adubhairt sé, Innisidh na neithe seo do Shéamas agus do na bráithreachaibh. Agus d’imthigh sé, agus do chuaidh sé go h‐áit eile. 18 Nuair do bhí sé ’n‐a lá, bhí corruighe nár bheag imeasc na saighdiúir, i dtaobh ar éirigh do Pheadar. 19 Agus nuair do‐rinne Ioruath cuardach ’n‐a dhiaidh, agus nach bhfuair sé é, do cheistigh sé na gárdaí, agus d’órduigh sé a gcur chum báis. Annsin d’imthigh sé ó Iúdaea síos go Céasaria, agus d’fhan sé ann. 20 Agus do bhí mí‐ghreann mór air chum muinntire Tuire agus Sidóine: agus tháinig siad de thoil a chéile chuige, agus ag déanamh caradais dóibh le Blastus seomradóir an ríogh, d’éiligheadar síothcháin air, toisc a ndúthaigh bheith d’á cothú ó dhúthaigh an ríogh. 21 Agus, lá do bhí ceaptha chuige, do chuir Ioruath a éide ríoghdha air, agus do shuidh sé ar chathaoir an bhreitheamhnais, agus thug sé óráid dóibh. 22 Agus do gháir na daoine, Ní guth duine é, acht guth Dé! 23 Agus ar an láthair do bhuail aingeal an Tighearna é, de bhrigh nach dtug sé an ghlóir do Dhia: agus d’ith piasta é, go bhfuair sé bás. 24 Acht do lean briathar Dé ag fás agus ag méadú. 25 Agus d’fhill Barnabas agus Saul ó Iarúsalem, nuair bhí gnó a seirbhíse déanta aca, ag breith Eoin darbh chómhainm Marcus i n‐éinfheacht leo. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society