Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eoin 7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 I n‐a dhiaidh sin do ghluais Íosa ar fud na Galilé: óir níorbh áil leis siubhal i nIúdaea, toisc go raibh na h‐Iúdaigh ag iarraidh a chur chum báis.

2 Agus do bhí féile na nIúdach, féile na mboth, i bhfogas.

3 D’á bhrigh sin adubhairt a bhráithre leis, Fág an áit seo, agus imthigh go h‐Iúdaea, chum go bhfeicfidh do dheisceabail na gníomhartha do‐ghní tú, chómh maith.

4 Óir ní oibrigheann aon duine fá cheilt, agus é ag iarraidh é féin do nochtadh go poiblidhe. Má ghníonn tú na neithe seo, taisbeán thú féin do’n tsaoghal.

5 Óir níor chreid a bhráithre féin ann.

6 Uime sin adubhairt Íosa leo, Ní tháinig m’uair‐se fós; acht atá bhúr n‐uair‐se ann i gcómhnaidhe.

7 Ní fhéadann an saoghal fuath do thabhairt daoibh‐se; acht atá fuath aige dhamh‐sa, de bhrigh go dtugaim fiadhnaise ’n‐a thaobh go bhfuil a ghníomhartha go h‐olc.

8 Téighidh‐se suas chum na féile: ní fhuilim‐se ag dul chum na féile seo fós; óir ní tháinig m’uair fós.

9 Agus nuair adubhairt sé an méid sin leo, d’fhan sé sa nGalilé.

10 Acht nuair bhí a bhráithre imthighthe suas chum na féile, do chuaidh sé féin suas mar an gcéadna, acht ní dheachaidh go poiblidhe, acht mar bhéadh sé ag dul i ngan fhios.

11 Agus do bhí na h‐Iúdaigh ar a lorg ag an bhféile, agus adubhradar, Cá bhfuil sé?

12 Agus do bhí conspóid i measc na ndaoine ’n‐a thaobh: adubhairt cuid aca, Is fear maith é; adubhairt cuid eile, Ní h‐eadh, acht ag mealladh na ndaoine atá sé.

13 Acht ar eagla na nIúdach níor labhair aoinneach go foscailte ’n‐a thaobh.

14 Acht nuair bhí a leath de’n fhéile thart, do chuaidh Íosa suas go dtí an teampall, agus do‐rinne sé teagasc.

15 Agus do bhí iongnadh ar na h‐Iúdachaibh, agus adubhradar, Cionnas fuair an fear so léigheann agus nár fhoghlaim sé riamh?

16 D’fhreagair Íosa iad, agus adubhairt sé, Ní liom féin mo theagasc‐sa, acht leis an té do chuir uaidh mé.

17 Cibé duine gur mian leis a thoil‐sean do dhéanamh, tuigfidh sé i dtaobh an teagaisc, an ó Dhia labhraim, nó uaim féin.

18 An té labhras uaidh féin, is í a ghlóir féin loirgeas sé; acht an té loirgeas glóir an té do chuir uaidh é, ata seisean fírinneach, agus ní fhuil mí‐chneastacht ann.

19 Nach dtug Maois an reacht daoibh, agus gan duine agaibh ag cóimhlíonadh an reachta? Cad chuige dhaoibh bheith ag iarraidh mise do mharbhadh?

20 D’fhreagair an sluagh agus adubhradar, Deamhan atá ionnat: cia atá ag iarraidh thú do mharbhadh?

21 D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Do‐rinneas gníomh amháin, agus atá iongnadh oraibh uile.

22 Uime sin thug Maois an timcheall‐ghearradh dhaoibh (ní h‐é gur ó Mhaois tháinig sé, acht ó n‐bhúr sinnsearaibh); agus do‐ghní sibh‐se timcheall‐ghearradh ar dhuine sa tsabóid.

23 Má ghnítear timcheall‐ghearradh ar dhuine sa tsabóid, chum nach mbrisfidhe reacht Mhaoise, an bhfuil olc agaibh damh‐sa, de chionn gur leigheasas duine go h‐iomlán sa tsabóid?

24 Ná beiridh breith de réir na súile, acht beiridh breith cheart.

25 Agus do bhí dream de mhuinntir Iarúsalem adubhairt, Nach é seo an duine go bhfuil siad ag iarraidh a mharbhadh?

26 Agus féach, atá sé ag labhairt go poiblidhe, agus ní abrann siad éinnidh leis. An bhfuil a fhios go fíor ag na h‐uachtaránaibh gur ab é an Críost é?

27 Acht atá aithne againne ar an bhfear so, agus atá a fhios againn cá h‐as dó.

28 Annsin do ghlaodh Íosa ós árd, agus é ag teagasc sa teampall, g‐á rádh, Atá aithne agaibh orm‐sa, agus atá a fhios agaibh cá h‐as dom; agus ní uaim féin tháinig mé, acht an té do chuir uaidh mé atá sé fíor, an té nach bhfuil aithne agaibh‐se air.

29 Atá aithne agam‐sa air; óir is uaidh‐sean mé, agus is é féin do chuir uaidh mé.

30 Annsin do shanntuigheadar breith air: acht níor chuir aon duine lámh ann, óir ní raibh a uair tagtha fós.

31 Acht do bhí a lán de’n tsluagh do chreid ann; agus adubhradar, Nuair thiocfas an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó míorbhailtí ’ná do‐rinne an duine seo?

32 Do‐chuala na Fairisínigh an sluagh ag conspóideacht ’n‐a thaobh ar an gcuma sin; agus do chuir uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh maoir chum beirthe air.

33 Annsin adubhairt Íosa leo, Tamall beag dom ’n‐bhúr bhfochair go fóill, agus annsin imtheochad chuige‐sean do chuir uaidh mé.

34 Béidh sibh ’gam’ lorg, agus ní bhfaighidh sibh mé: agus an áit ’n‐a bhfuilim‐se, ní fhéadfaidh sibh‐se teacht ann.

35 Annsin adubhairt na h‐Iúdaigh eadortha féin, Cia an áit ’n‐a rachaidh an duine seo, agus nach bhfaighimíd é? An rachaidh sé chum na ndaoine atá scaipthe i measc na nGréagach, leis na Gréagaigh do theagasc?

36 Créad is ciall do’n chainnt seo adubhairt sé, Loirgfidh sibh mé, agus ní bhraighidh sibh mé: agus an áit ’n‐a mbéidh mé, ní fhéadfaidh sibh teacht ann?

37 Agus an lá deireannach de’n fhéile, an lá mór, do sheas Íosa agus do ghlaodh sé ós árd, Má tá tart ar aon duine, tagadh sé chugam‐sa, agus óladh sé.

38 An té chreideas ionnam‐sa, mar adubhairt an scrioptúir, rithfidh as a bhroinn sruthanna uisce bheo.

39 Acht is i dtaobh an Spioraid do bhí le glacadh aca‐san do chreidfeadh ann, adubhairt sé an méid sin: óir do bhí an Spiorad gan bronnadh fós; de bhrigh go raibh Íosa gan glóiriú fós.

40 Ar n‐a chlos sin dóibh, adubhairt cuid de’n tsluagh, Go fírinneach, is é seo an fáidh. Adubhairt cuid eile, Is é an Críost é.

41 Acht adubhairt dream eile, An ó’n nGalilé atá an Críost le teacht?

42 Nach ndubhairt an scrioptúir gur de shíol Dáibhí, agus ó Bheithil, baile Dháibhi, atá an Críost le teacht?

43 Agus d’éirigh aighneas sa tsluagh mar gheall air.

44 Agus ba mhian le cuid aca breith air, acht níor chuir aon duine lámh air.

45 Annsin tháinig na maoir chum uachtarán na sagart agus chum na bhFairisíneach, agus d’fhiafruigheadarsan díobh, Cad chuige nách dtugabhar libh é?

46 D’fhreagair na maoir, Níor labhair aon duine riamh mar labhrann an fear so.

47 Agus d’fhreagair na Fairisínigh iad, An bhfuil sibh‐se meallta, leis?

48 Ar chreid aoinneach de na h‐uachtaránaibh nó de na Fairisíneachaibh ann?

49 Acht an sluagh so atá gan eolas ar an dlighe, atá mallacht ortha.

50 Adubhairt Nicodémus (an fear úd tháinig chuige san oidhche, mar ba dhuine aca é) leo,

51 An ndaorann ar ndlighe duine ar bith ghan éisteacht leis féin ar dtús, agus a aithint créad tá déanta aige?

52 D’fhreagradar agus adubhradar leis, An as an nGalilé dhuit‐se, leis? Cuarduigh, agus chífir nach n‐éirigheann aon fháidh ó’n nGalilé.

53 [Agus d’imthigh gach duine aca chum a thighe féin:

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí