Eabhraigh 8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Anois, is é an poinnte is tábhachtaighe de’n méid atá ráidhte againn: Atá a leithéid d’árd‐shagart againn, atá ’n‐a shuidhe ar dheas‐láimh na Mórdhachta ins na flaitheasaibh, 2 do‐ghní friotháileamh san tsanctóir agus san bhfíor‐thabernacal, nár dhaoine, acht gurbh é an Tighearna do shuidhigh é. 3 Óir órduightear gach árd‐shagart chum tabhartaisí agus íodhbartha d’ofráil: agus d’á bhrigh sin ní foláir do’n árd‐shagart nidh éigin bheith aige le n’íodhbairt. 4 Óir dá mbéadh sé ar talamh ní bhéadh sé ’n‐a shagart ar chor ar bith, toisc sagairt ofrálas tabhartaisí de réir an dlighe bheith ann; 5 fir do‐ghní friotháileamh ar shompla agus ar scáil na neithe neamhdha, fá mar fuair Maois fógra agus é ar tí an tabernacal do dhéanamh: Óir féach chuige ars’ sé, go ndéanaidh tú gach uile nidh do réir an tsompla do taisbeánadh ar an gcnoc duit. 6 Acht anois is fearr go mór an mhiniostrálacht fuair sé, san méid gur idirmheadhontóir connartha níos fearr é, connradh atá bunuighthe ar gheallamhna chaibh níos fearr. 7 Óir dá mbéadh an chéad chonnradh úd saor ó locht, ní bhéadh an dara connradh i gceist. 8 Óir is g‐á lochtú atá an Tighearna, agus e g‐á radh, Féach, atá na laethe ag teacht, adeir an Tighearna, ’N‐a gcuirfead connradh nua ar bun le teaghlach Israel agus le teaghlach lúda: 9 Connradh nach mbéidh cosmhail leis an gconnradh do rinneas le n‐a sinnsearaibh, San lá ’n‐a rugas ar láimh ortha g‐á dtreorú amach as tír na hÉigipte: Óir níor sheasuigheadar i mbun mo chonnartha, Agus d’iompuigheas uatha, adeir an Tighearna. 10 Óir is é seo an connradh dhéanfad le teaghlach Israel Tar éis na laethe úd, adeir an Tighearna: Cuirfead mo dhlighthe isteach ’n‐a n‐aigne, Agus scríobhfad ar a gcroidhe iad: Agus béidhead im’ Dhia aca, Agus béidh siad‐san ’n‐a bpobal agam: 11 Agus ní mhúinfidh gach duine a chómharsa, Agus gach duine a bhráthair, g‐á rádh, Bíodh aithne agat ar an Tighearna: Óir béidh aithne ag gach uile dhuine orm, Ó’n té is lugha go dtí an té is mó dhíobh. 12 Óir déanfad tróchaire ar a mí‐ghníomharthaibh Agus ní chuimhneochad a thuilleadh ar a bpeacaidhibh. 13 Gh‐á rádh dhó, Connradh nua, is amhlaidh atá an chéad chonnradh curtha i seandacht aige. Acht an nidh atá ag éirghe sean agus ag dul i n‐aois, is gearr uaidh dul as ar fad. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society