Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Apacailipsis (Taispeántadh) 15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do chonnacas cómhartha mór eile ar neamh, cómhartha mór, iongantach, seacht n‐aingle agus seacht bpláigheanna aca, na pláigheanna deireannacha óir is leo‐san cóimhlíontar díbheirg Dé.

2 Agus do chonnacas mar bhéadh fairrge ghloine, agus í measctha le teinidh; agus iad‐san tháinig go buadhach ó’n ainmhidhe, agus ó n‐a íomháigh, agus ó uimhir a ainme, ’n‐a seasamh le h‐ais na fairrge gloine, agus cláirseacha Dé aca.

3 Agus do bhíodar ag canadh amhráin Mhaoise seirbhísigh Dé, agus amhráin an Uain, g‐á rádh, Is mór, iongantach iad t’oibreacha, a Thighearna, a Dhia Uile‐chumhachtaigh. Is cóir, fírinneach iad do shlighthe, a Righ na gcinidheach.

4 Cia h‐é nach mbéidh eagla air rómhat, a Thighearna, agus nach dtiubhraidh glóir dot’ ainm? Óir is tusa amháin atá naomhtha; agus tiocfaidh na cinidheacha uile agus sléachtfaidh siad rómhat; óir atá do bhreitheamhnaisí lán‐fhoillsighthe.

5 Agus tar éis na neithe seo do dhearcas, agus do foscladh teampall tabernacail na fiadhnaise ar neamh:

6 agus na seacht n‐aingle go raibh na seacht bpláigheanna aca, tháinig siad amach as an teampall, línéadach glan‐úr umpa, agus creasa óir i dtimcheall a n‐ucht ortha.

7 Agus thug ceann de na ceithre h‐ainmhidhthibh seacht soithighe óir do na seacht n‐ainglibh, agus iad lán de dhíbheirg Dé mhaireas go saoghal na saoghal.

8 Agus do líonadh an teampall de dheatach ó ghlóir Dé, agus ó n‐a chumhacht; agus níor fhéad aoinneach dul isteach san teampall nó go raibh deireadh déanta de sheacht bpláigheannaibh na seacht n‐aingeal.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí