Apacailipsis (Taispeántadh) 14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do dhearcas, agus féach, an tUan ’n‐a sheasamh ar chnoc Síoin, agus céad ceathrar agus dá fhichid míle duine ’n‐a fhochair, agus a ainm‐sean agus ainm a Athar scríobhtha ar chláraibh a n‐éadain. 2 Agus do chualas glór ó neamh, mar thorann uiscí iomhdha, agus mar fhuaim tóirnighe móire: agus an glór do chualas, do bhí sé mar bhéadh cláirseoirí ag seinm ceoil ar a gcláirseachaibh: 3 agus do bhíodar ag canadh amhráin, mar bhéadh amhrán úr‐nua, ós cómhair na righ‐chathaoireach, agus os cómhair na gceithre n‐ainmhidhe, agus os cómhair na seanóir: agus ní raibh ar chumas d’aoinneach an t‐amhrán sin d’fhoghlaim, acht amháin do’n chéad ceathrar, agus dá fhichid míle duine do bhí ceannuighthe as a raibh ar talamh. 4 Is iad‐san iad nár shaluigh iad féin le mnáibh; óir is ar staid óghachta atáid. Is iad‐san leanas an tUan cibé áit ’n‐a dtéigheann sé. Is iad do ceannuigheadh as lár na ndaoine chum bheith ’n‐a gcéad‐thorthaibh do Dhia agus do’n Uan. 5 Agus ní raibh bréag le fágháil ariamh ’n‐a mbéal: atáid gan smál. 6 Agus do chonnacas aingeal eile ar eiteall i lár na spéire, agus soiscéal síorraidhe aige le n’fhógairt do lucht áitreabha na talmhan, agus do gach cineadh, agus treibh, agus teangain, agus pobal; 7 agus dubhairt sé de ghuth árd, Bíodh eagla Dé oraibh, agus tabhraidh glóir dó; óir atá uair a bhreitheamhnais tagtha: agus déanaidh adhradh do’n té do rinne neamh agus talamh agus muir agus toibreacha an uisce. 8 Agus do lean aingeal eile, g‐á rádh, Is í atá tuitthe, tuitthe, an Bhaibiolóin Mhór, thug fá deara ar na cinidheachaibh fíon díbheirge a striapachais d’ól. 9 Agus do lean an treas aingeal g‐á rádh de ghuth árd, Má bheireann aoinneach adhradh do’n ainmhidhe agus d’á íomháigh, agus má ghlacann sé marc ar chlár a éadain, nó ar a láimh, 10 ólfaidh sé d’fhíon díbheirge Dé, atá doirtthe gan meascadh i gcupán a fheirge; agus ciapfar é le teinidh agus le ruibh i bhfiadhnaise na naomh‐aingeal, agus i bhfhiadhnaise an Uain: 11 agus béidh deatach a ghéar‐chrádha ag dul suas i n‐áirde go saoghal na saoghal; agus ní bhíonn suaimhneas de ló ná d’oidhche aca‐san do‐ghní adhradh do’n ainmhidhe agus d’á íomháigh, ná ag aon duine ghlacas chuige marc a ainme. 12 Annso is eadh atá foighid na naomh, lucht choimheádta aitheanta Dé agus creidimh Íosa. 13 Agus do chualas glór ó neamh, g‐á rádh, Scríobh, Is beannuighthe na mairbh do‐gheibh bás san Tighearna ó’n am so feasta: Is eadh, adeir an Spiorad, chum go bhfaighidh siad suaimhneas ó n‐a saothar; óir leanann a ngníomhartha iad. 14 Agus do dhearcas, agus féach, néall geal, agus an té do bhí cosmhail le Mac an Duine ’n‐a shuidhe ar an néall, coróin óir ar a cheann, agus corrán géar ’n‐a láimh aige. 15 Agus tháinig aingeal amach as an teampall, g‐á ghlaodhach de ghuth árd chuige‐sean do bhí ’n‐a shuidhe ar an néall, Cuir isteach do chorrán gear, agus bí ag baint: óir atá an t‐am chum bainte tagtha; óir atá fóghmhar na talmhan thar a bheith aibidh. 16 Agus an té do bhí ’n‐a shuidhe ar an néall, do chaith sé a chorrán ar an talamh; agus do baineadh fóghmhar na talmhan. 17 Agus tháinig aingeal eile amach as an teampall atá ar neamh, agus corrán géar aige‐sean, leis. 18 Agus tháinig aingeal eile amach ó’n altóir, ag a raibh cumhacht ar theinidh aige; agus do ghlaodh sé de ghuth árd chuige‐sean go raibh an corrán géar aige, g‐á rádh, Cuir isteach do chorrán géar agus bailigh caora fineamhna na talmhan; óir atá a caora lán‐aibidh. 19 Agus do chaith an t‐aingeal a chorrán ar an talamh, agus do bhailigh sé caora fíneamhna na talmhan, agus do chaith sé isteach i n‐iomar mór díbheirge Dé iad. 20 Agus do sataluigheadh an t‐iomar taobh amuigh de’n chathair, agus tháinig fuil amach ó’n iomar chómh h‐árd le sriantaibh na gcapall, ar feadh mile agus sé céad staid. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society