Apacailipsis (Taispeántadh) 12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do nochtadh cómhartha mór san spéir; bean, agus an ghrian mar chlúdach uirthi, an ghealach fá n‐a cosaibh, agus coróin dá réalta déag ar a ceann; 2 agus do bhí sí torrach, ag glaodhach amach le tinneas cloinne, agus í beo‐phianta chum leanbh do bhreith. 3 Agus do nochtadh cómhartha eile san spéir; agus féach, dragún mór dearg, go raibh seacht gcloigne agus deich n‐adharca aige, agus do bhí seacht gcoróineacha ar na cloignibh. 4 Agus do tharraing a earball an treas cuid de réaltanaibh na spéire ’n‐a dhiaidh, agus do theilg sé chum na talmhan iad: agus do sheasuigh an dragún os cómhair na mná do bhí ar tí an leanbh do bhreith, chum go sluigfeadh sé an leanbh chómh luath agus béarfaí é. 5 Agus rug sí leanbh fir go raibh sé i ndán dó na cinidheacha uile do riaghlú le slait iarainn: agus do tógadh a leanbh suas chum Dé, agus chum a righ‐chathaoireach. 6 Agus do theich an bhean isteach san bhfásach, mar a bhfuil áit fá n‐a cómhair ullamh ag Dia dhi, chum go mbeathóchaidhe í annsin ar feadh míle, dhá chéad agus trí fichid lá. 7 Agus do bhí cogadh ar neamh: Micheál agus a aingle ag troid i h‐aghaidh an drágúin; agus do throid an dragún agus a aingle: 8 agus níor éirigh an cath leo, agus ní fríth aon áit as sin amach dóibh ar neamh. 9 Agus do teilgeadh síos an dragún mór, an tsean‐nathair nimhe, ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té mheallas an saoghal ar fad; do teilgeadh síos é go dtalamh, agus do teilgeadh a aingle síos i n‐éinfheacht leis. 10 Agus do chualas glór árd ar neamh, g‐á rádh, Anois atá slánughadh, agus cumhacht, agus ríoghacht ár nDé, agus cumhacht a Chríost tagtha: óir atá éilightheoir ár mbráthar teilgthe síos, an té do bhí g‐á n‐éiliú i bhfiadhnaise ár nDé de ló agus d’oidhche. 11 Agus rugadar buaidh air tré fhuil an Uain, agus tré bhriathar a bhfiadhnaise: agus níor chuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin. 12 Déanaidh gáirdeachas d’á bhrigh sin, a fhlaitheasa, agus sibh‐se chómhnuigheas ionnta. Is mairg do’n talamh agus do’n fhairrge: óir atá an diabhal imthighthe síos chugaibh, agus fearg mhór air, agus a fhios aige nach bhfuil acht tamall beag i ndán dó. 13 Agus ar n‐á fheicsin do’n dragún go raibh sé teilgthe síos chum talmhan, do rinne sé géirleanmhain ar an mnaoi rug an leanbh fir. 14 Agus tugadh dhá sciathán an iolair mhóir do’n mhnaoi, chum go dteichfeadh sí go dtí n‐a h‐áit féin san bhfásach, mar a mbeathuightear í ar feadh tréimhse, agus dhá thréimhse, agus leath‐tréimhse i bhfad ó aghaidh an dragúin. 15 Agus do chaith an nathair nimhe uisce mar abhainn amach as a bhéal i ndiaidh na mná, chum go scuabfadh sí chum siubhail í leis an sruth. 16 Agus do chuidigh an talamh leis an mnaoi, agus d’fhoscail an talamh a béal agus do shluig sí siar an abha do bhí caithte ag an dragún amach as a bhéal. 17 Agus d’éirigh an dragún feargach leis an mnaoi, agus d’imthigh sé chum cogadh do chur ar an gcuid eile d’á sliocht, ar lucht coimheádta aitheanta Dé, go bhfuil fiadhnaise Íosa aca. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society