Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Corantaigh 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Ar an adhbhar sin, ó thárla an mhiniostrálacht so bheith againn, do réir mar fuaramar trócaire, ní chailleann ar ár meisneach:

2 acht thugamar cúl leis na neithibh náireacha cleachtar fá rún, agus ní bhímíd ag siubhal i ngliocas, ná ag truailliú briathair Dé, acht, ag foillsiú na fírinne dhúinn, tuillimíd moladh i gcoinsias gach duine i bhfiadhnaise Dé.

3 Acht má tá ár soiscéal fá fholach, is ins an dream atá ag dul amugha atá sé fá fholach:

4 san dream dí‐chreidmheach go bhfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoghail seo, chum nach ndeallróchadh solas glórmhar Chríost, íomháigh Dé, ortha.

5 Óir ní sinn féin fhógraimíd, acht Íosa Críost mar Thighearna, agus sinn féin mar sheirbhísigh dhaoibh ar son Íosa.

6 Óir Dia d’órduigh do’n tsolas soillsiú as lár an dorchadais, do shoillsigh sé ’n‐ár gcroidheachaibh, chum solas glóire Dé do thabhairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.

7 Acht atá an seod so i soighthibh cré againn, chum nach linne, acht le Dia, do luaidhfidhe an chumhacht gan teoraibh;

8 bímíd d’ár mbrúghadh ar gach leith, gan bheith i sáinn; bímíd fá bhuaidhirt, gan dul i n‐éadóchas;

9 curtar an tóir orainn, acht ní tréigthear sinn; buailtear síos sinn, acht ní scriostar sinn;

10 beirimíd bású Íosa ’n‐ár gcorp i gcómhnaidhe, chum go raibh beatha Íosa go soiléir le feicsin ’n‐ár gcorp so‐mharbhtha, leis.

11 Óir sinne atá beo bímíd de shíor d’ár gcur chum báis ar son Íosa, chum go raibh beatha Íosa go soiléir le feicsin ’n‐ár gcolainn so‐mharbhtha, leis.

12 Mar sin bíonn an bás ag oibriú ionnainne, acht atá an bheatha ag oibriú ionnaibh‐se.

13 Acht ó’s é an t‐aon spiorad amháin atá againn, do réir mar tá scríobhtha, Do chreideas, agus d’á bhrigh sin do labhras; creidimíd‐ne, leis;

14 mar tá a fhios againn, an té do thóg suas an Tighearna Íosa, go dtógfaidh sé suas sinne i n‐éinfheacht le h‐Íosa, leis, agus go gcuirfidh sé ’n‐a láthair sinne i n‐éinfheacht libh‐se.

15 Óir is ar bhur son‐sa atá an uile nidh, chum go dtéighidh an grása chum glóire Dé, agus é d’á mhéadú go mór de bhárr buidheachais an mhóráin mhóir.

16 Uime sin ní chailleann ar ár meisneach; acht gidh go mbíonn an taobh amuigh de’n duine ag meath orainn, atá an taobh istigh de d’á athnuadhadh ó lá go chéile.

17 Óir, ár gcrádh beag éadtrom, nach maireann acht tamall gearr, soláthruigheann sé dhúinn carn glóire síorraidhe atá gan chuimse;

18 gan ár súile bheith ar na neithibh so‐fheicsiona, acht ar na neithibh do‐fheicsiona: óir ní thugann na neithe so‐fheicsiona acht seal, acht is síor‐bhuan iad na neithe do‐fheicsiona.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí